Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
2 Tiomóid 2:11 - An Bíobla Naofa 1981 Is fíor an ráiteas é: Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is iontaofa an ráiteas é: Má chuamar dʼéag leis, mairfimid beo leis freisin; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is fírinneach an rádh so: Má fuaramar bás i n‐éinfheacht leis, mairfimíd beo i n‐éinfheacht leis mar an gcéadna: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As rádh fírinneach so: Oír más bás dúinn ná fhochair, búdh marthuinn dúinn mar an gcéudna na fhochair: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is fíor an ráiteas é: Má fuaireamar bás in éineacht leis beimid beo in éineacht leis chomh maith. |
Tamall beag eile agus siúd é an saol agus gan radharc aige ormsa feasta; ach tá radharc agaibhse orm, óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.
Mar má táimid aontaithe leis trí mhacasamhail a bháis beimid aontaithe leis freisin trí mhacasamhail a aiséirí.
Ach má fuaireamar bás mar aon le Críost, creidimid go mbeimid beo mar aon leis chomh maith.
Is fíor gur céasadh ar an gcrois é le barr laige ach tá sé beo anois le cumhacht Dé. Is é an dála céanna againne é: táimidne lag ann ach beimid beo mar aon leis trí chumhacht Dé chun freastal oraibhse.
Bíonn bás Íosa ar iompar inár gcorp againn de shíor ar shlí go mbeadh beatha Íosa le feiceáil inár gcorp chomh maith.
Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in airicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo.
a fuair bás ar ár son chun go mbeimis beo ina theannta, cibé acu beo nó marbh dúinn.
Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,
Is barántúil an ráiteas é seo: an té a bhíonn ag tnúth le cúram an uachtaráin is uasal an obair a shantaíonn sé.
Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.