De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna.
2 Samúéil 22:10 - An Bíobla Naofa 1981 Chlaon sé na spéartha agus thuirling sé, agus scamall dubh faoina chosa. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do chláon sé fós na neamha, agus tháiníc se a núas; agus do bhí dorchadus fá na chosuibh. |
De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna.
thóg tú d'áras os cionn na díleann. Bíonn na néalta agat mar charbad ag marcaíocht duit ar sciatháin na gaoithe.
Ísligh do spéartha agus tuirling; bain leis na sléibhte agus déanfaidh siad deatach.
Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.
Le breacadh an tríú lá, tharla toirneacha agus splancanna tintrí ar an sliabh, agus scamall tiubh agus dord an-ard trumpa; agus bhí na daoine go léir sa champa ar crith.
D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.
Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.
Tháinig sibh i ngar agus sheas ag bun an tsléibhe; las an sliabh le tine go crioslach nimhe, agus é faoi bhrat dorchadais, néil agus scamaill.