Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eaxodus 20:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 D'fhan an pobal i bhfad siar dá bhrí sin agus dhruid Maois leis an scamall tiubh dorcha mar a raibh an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus do sheas an pobal amach, agus do dhruid Maóise a ngar don dorchadas tiugh mar a raibh Día.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 20:21
11 Tagairtí Cros  

De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna.


Dúirt Solamh ansin: “Chinn an Tiarna go lonnódh sé sa néal tiubh.


tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;


Chuir sé uime an dorchacht mar éadach, uiscí dorcha is dlúthnéalta ba phuball dó.


D'éirigh deatach as polláirí a shróine, agus tine dheargloiscneach as a bhéal, ionas gur adhnadh leis sméaróidí dearga.


Tá néalta agus dorchacht ina thimpeall; ceart agus cóir is bonn lena ríchathaoir.


Ansin chuaigh Maois suas chun Dé agus ghlaoigh an Tiarna air ón sliabh á rá: “Abair é seo le teaghlach Iacóib agus fógair é do chlann Iosrael:


“Sin iad na briathra a labhair an Tiarna libh go léir i gcomhthionól ag an sliabh; labhair sé libh de ghlór ard ó lar na tine, an néil, agus an dorchadais thiubh. Níor chuir sé aon rud eile leo, ach iad a scríobh síos ar dhá chlár chloiche agus thug dom iad.


agus sheas mise lena linn sin ar fad idir an Tiarna agus sibhse chun briathar an Tiarna a fhógairt daoibh, óir bhí eagla na tine oraibh, agus ní dheachaigh sibh suas faoin sliabh. Dúirt sé:


an tAon atá buan gan bás, agus a chónaíonn sa solas doshroichte. Aon duine riamh ní fhaca é ná ní féidir dó é a fheiceáil. Glóir dó agus cumhacht shíoraí. Amen.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí