Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
2 Samúéil 15:12 - An Bíobla Naofa 1981 Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuir Absolom fios ar Achitophel an Giloníteach, comhairleach Dháibhi, óna chathrúigh féin, ó Ghiloh, ann feadh do bhí ag déanamh iodhbartha. Agus do bhí an chealg láidir; óir do bhí an pobal ag méaduighadh a ccomhnuigh ag Absolon. |
Fuair Dáiví scéala go raibh Aichítifeil i measc lucht comhcheilge Aibseálóm. Dúirt Dáiví: “A Thiarna, impím ort, déan baois de bheartais Aichítifeil.”
Tháinig Aibseálóm lena lucht leanúna go léir de chlann Iosrael isteach in Iarúsailéim; bhí Aichítifeil ina theannta.
Dúirt Aibseálóm agus muintir Iosrael uile ansin: “Is fearr comhairle Húisí an tAircíoch ná comhairle Aichítifeil,” óir chinn an Tiarna comhairle eagnaí Aichítifeil a chur amú agus mí-ádh a thabhairt ar Aibseálóm ar an gcaoi sin.
Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.
Scríobh sí sna litreacha: “Fógraigí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal.
Fiú amháin mo chara cléibh as a mbíodh mo mhuinín agus a d'itheadh mo chuid aráin, nár iompaigh sé i m'éadan!
“Tháinig galar gáifeach air,” a deir siad le chéile, “an té a chuaigh a luí ní éireoidh sé choíche.”
Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.
Nach cuma liomsa túis anall ó Sheabá, nó giolcóg chumhra ón imigéin? Ní taitneamhach bhur n‑ofrálacha loiscthe, ní milis liom bhur n‑íobairtí.
Dúirt Balám le Bálác: “Tóg seacht n‑altóirí anseo dom agus tabhair anseo chugam seacht dtarbh agus seacht reithe.”
Thug sé leis é go Gort na Spiairí i dtreo mhullach Phisceá. Thóg sé seacht n‑altóirí ansiúd agus d'ofráil sé tarbh agus reithe ar gach altóir.
“Nílim ag labhairt oraibh go léir, óir aithním na daoine a thogh mé, ach chun go gcomhlíonfaí an scrioptúr: ‘An té a d'ith arán liom, d'ardaigh sé a sháil i mo choinne.’
Maíonn siad go bhfuil aithne acu ar Dhia ach bréagnaíonn siad é lena ngníomhartha mar is daoine gráiniúla ceanndána iad agus gan d'acmhainn iontu rud ar bith fónta a dhéanamh.