Chuir Aibseálóm fios ar Aichítifeil, an Gíolonach, comhairleoir Dháiví ó chathair Ghíolo [agus bhí sé ina theannta] agus é ag ofráil na n‑íobairtí. Neartaigh an chomhcheilg agus chuaigh lucht tacaíochta Aibseálóm i neart.
Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael.