“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
2 Ríthe 4:21 - An Bíobla Naofa 1981 Chuaigh sí in airde staighre agus d'fhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus d'imigh amach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chuáidh sisi súas, agus do chuir na luidhe ar leabuigh óglaich Dé é, agus do dhruid sí an dorus air, agus do chuáidh sí amach. |
“Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”
Thóg seisean suas é agus d'iompair chuig a mháthair é. Bhí an gasúr ar a glúine aici go meán lae agus fuair sé bás ansin.
Chuir sí fios ar a fear agus dúirt: “Cuir duine de na searbhóntaí chugam le ceann de na hasail. Caithfidh mé brostú liom go dtí an giolla Dé agus ar ais arís.”
D'imigh sí léi ansin agus dúirt sí sin leis an ngiolla Dé agús d'fhreagair sé: “Imigh agus díol an ola agus díol d'fhiacha agus féadfaidh tú féin agus do chlann maireachtáil ar an bhfuílleach.”