Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 4:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 Thóg seisean suas é agus d'iompair chuig a mháthair é. Bhí an gasúr ar a glúine aici go meán lae agus fuair sé bás ansin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus a nuáir do rug sé air, agus thug chum a mhathar é, do shuigh sé ar a glúinibh go meadhon laói, agus fuáir sé bás annsin.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 4:20
14 Tagairtí Cros  

“Tóg leat do mhac,” arsa Dia leis, “d'aonmhac Íosác ar a bhfuil do ghreann, agus imigh go tír Mhoiriá, agus déan é a íobairt ansiúd ina íobairt dhóite ar chnoc a thaispeánfaidh mé duit.”


Ba mhó an cion a bhí ag Iosrael ar Iósaef ná ar aon duine eile dá chlann mar gurbh é mac a sheanaoise é, agus rinne sé cóta le muinchillí fada dó.


Rinneadh taibhreamh do Iósaef, más ea, agus d'inis sé dá dheartháireacha é, agus ba mhóide a bhfuath dó.


Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann.


Ar seisean lena athair: “Ó mo cheann, mo cheann!” D'iarr an t‑athair ar dhuine de na searbhóntaí é a iompar chuig a mháthair.


Chuaigh sí in airde staighre agus d'fhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus d'imigh amach.


An ndéanann bean dearmad ar leanbh a cíche, an mbíonn deireadh lena grá do mhac a broinne? Agus dearmad dá ndéanfadh féin, ní dhéanfaidh mise dearmad ortsa go deo!


Mar a bheadh máthair ag cur páiste chun suaimhnis, mise chomh maith, tabharfaidh mé suaimhneas daoibhse. (In Iarúsailéim a gheobhaidh sibh suaimhneas.)


agus gabhfaidh claíomh trí d'anam féin - chun go bhfoilseofaí smaointe as mórán croíthe.”


Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.


Dúirt Íosa leo go hoscailte ansin dá bhrí sin: “Tá Lazaras marbh;


Chuir na deirfiúracha teachtaireacht chuige á rá: “A thiarna, féach, tá an té is ionúin leat tinn.”


Bhí cion ag Íosa ar Mharta agus ar a deirfiúr Máire, agus ar Lazaras.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí