Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 17:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 “Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Agus a dubhairt seision ría, Tabhair dhamhsa do mhac. Agus do ghlac sé as a brollach é, agus rug se súas ar lota é, mar a mbíodh sé féin, agus do chuir na luighe ar a leabaidh féin é.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 17:19
6 Tagairtí Cros  

Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”


Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?”


Tógaimis seomra beag ar an díon dó agus cuirimis leaba ann faoina choinne agus bord agus cathaoir agus lampa; uair ar bith dá dtagann sé chugainn, is féidir leis a scíste a dhéanamh ann.”


Chuaigh sí in airde staighre agus d'fhág ina luí é ar leaba Eilíseá, giolla Dé. Dhún sí an doras air agus d'imigh amach.


Nuair a tháinig Eilíseá isteach, fuair sé an leanbh ina luí marbh ar a leaba.


Tharla sna laethanta sin gur buaileadh breoite í agus go bhfuair sí bás. Tar éis dóibh í a thonach chuir siad ar chlár í i seomra uachtarach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí