Agus a dubhairt Elisa ría, Cred dhéanadsa ar do shon? innis damh, cred atá agad ann do thigh? Agus a dubhairt sisi, Ní bhfuil éinni ag do bhanóglaich annsa tigh, achd pota ola.
“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”
Nuair a bhíodar ar an taobh thall, dúirt Éilias le hEilíseá: “Iarr cibé atá uait a dhéanfainn duit, sula mbaintear uait mé.” D'fhreagair Eilíseá: “Bíodh do spiorad faoi dhó mar oidhreacht agam, le do thoil.”
Tá ainm an bhróin orainn agus sinn i gcónaí lúcháireach; tá ainm an bhochtanais orainn agus sinn ag saibhriú na sluaite; tá ainm an dealúis orainn agus an uile ní inár seilbh againn.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?