1 Ríthe 17:12 - An Bíobla Naofa 198112 “Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.” Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Agus a dubhairt sisi, Mar mhairios do THIGHEARNA Día, ní bhfuil éanbhairghin agum, achd lán baise do mhin a mbairille, agus beagán ola a gcrúisgín: agus, feúch, atáim ag cruinniughadh maide nó dhó, le ndeiseochuinn sin dhamh féin agus dom mhac, go nithmis é, agus go bhfaghamáois bás. Féach an chaibidil |
Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.