Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 D'fhiafraigh an Tiarna de: “Cad é sin i do láimh agat?” “Slat,” arsa Maois.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus a dubhairt an TIGHEARNA ris, Créad é an ní sin ad láimh? Agus a dubhairt sesion, Atá slat.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:2
10 Tagairtí Cros  

Ansin chruinnigh Iacób slata glasa de chrann poibleoige, almóinne, agus plána; scumhaigh sé stríocaí bána orthu agus nocht sé bán na slat.


Dúirt Eilíseá léi: “Céard a dhéanfaidh mé duit? Céard atá sa teach agat, inis dom?” “Níl sa teach ag do shearbhónta ach crúiscín ola,” d'fhreagair sí.


Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta as Síón amach. Bí ag rialú i measc do naimhde.


Tóg an tslat seo i do láimh, agus leis an tslat seo a dhéanfaidh tú na comharthaí.”


Thóg Maois leis a bhean agus a mhac agus chuir ar muin asail iad agus ar ais leis chun na hÉigipte. Thug Maois slat Dé leis ina láimh.


Éirigh go Forann ar maidin agus é ag dul chun an uisce, agus fan leis ar bhruach na habhann agus tabhair leat i do láimh an tslat a ndearnadh nathair nimhe di.


“Nuair a déarfaidh Forann libh: ‘Déanaigí míorúilt mar chruthúnas oraibh féin,’ ní foláir duitse a rá le hÁrón: ‘Tóg do shlat agus caith síos ansiúd ar bhéala Fhorainn í agus déantar nathair nimhe di.’ ”


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


Gach deachú tréada agus tána, gach deichiú ainmhí dá ngabhann faoi bhachall an aoire, bíodh sé naofa don Tiarna.


Seol do phobal chun féaraigh le do bhata, an tréad atá ina oidhreacht agat, a lonnaíonn ina aonar sa choill i lár na mbánta. Cuir ar féarach iad i mBáiseán agus i nGileád mar a mbídís san am fadó.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí