Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Eaxodus 4:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Ansin dúirt Maois: “Ach abair nach gcreidfidh siad mé agus nach n‑éistfidh siad le mo ghlór, agus go ndéarfaidh siad: ‘Níor thaispeáin an Tiarna é féin duit’?”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus do fhreagair Maóisi agus a dubhairt, Ach féuch, ní chreidfid síad mé, agus ní éisdfid rem ghuth; óir a déaruid síad, níor thaisbéin an TIGHEARNA é féin duit.

Féach an chaibidil Cóip




Eaxodus 4:1
14 Tagairtí Cros  

Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”


“Agus cé a cheap thusa,” ar seisean leis, “i do thaoiseach agus i do bhreitheamh orainne? An mé a mharú a ba áil leat, mar a mharaigh tú an tÉigipteach?” Tháinig scanradh ar Mhaois: “Ní foláir,” ar sé leis féin, “nó go bhfuil an scéal úd amuigh orm.”


Agus dúirt Dia arís le Maois: “Seo mar a déarfaidh tú le clann Iosrael: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, is é a chuir chugaibh mé.’ Sin é m'ainm ar feadh na síoraíochta agus sin mar a bheidh m'ainm á ghlaoch ó ghlúin go glúin. ”


“Imigh agus cruinnigh seanóirí chlann Iosrael le chéile agus abair leo: ‘An Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, Dia Abrahám, Dia Íosác, Dia Iacóib, thaispeáin sé é féin dom, agus dúirt sé liom: Tháinig mé ar cuairt chugaibh agus chonaic mé a ndearnadh libh san Éigipt;


Agus éistfidh siad le do ghlór agus ní foláir duit féin agus do sheanóirí Iosrael, dul i láthair rí na hÉigipte agus a rá leis: ‘An Tiarna, Dia Iosrael, tháinig sé ag triall orainn, agus anois lig dúinn dul aistear trí lá isteach san fhásach go ndéanfaimis íobairt don Tiarna ár nDia.’


“Ach, a Thiarna liom,” arsa Maois leis an Tiarna, “ní duine dea-labhartha mé aon lá de mo shaol go dtí seo, ná ó labhair tú le do sheirbhíseach; is mall mo chaint agus is righin mo theanga.”


Agus d'inis Árón a ndúirt an Tiarna le Maois agus rinne sé na comharthaí os comhair an phobail.


Chreid an pobal agus bhí lúcháir orthu mar gur thug an Tiarna cuairt ar chlann Iosrael agus go bhfaca sé a gcruachás, agus chromadar a gceann agus rinneadar adhradh.


Ach labhair Maois agus dúirt le béal an Tiarna: “Féach murar éist clann Iosrael liom, conas, más ea, a éistfidh Forann liom agus tutbhéalaíocht orm?”


Ach dúirt Maois le béal an Tiarna: “Tá tutbhéalaíocht orm. Conas mar sin go n‑éisteodh Forann liomsa?”


Ansin dúirt mise: “Ó a Thiarna Dia, féach, ní fhéadaim labhairt, óir is leanbh mé.”


Thóg an spiorad in airde mé agus rug leis mé, agus d'imigh mé faoi sheirfean agus faoi bhruth feirge agus lámh an Tiarna ag luí go trom orm.


Mheas sé go dtuigfeadh a mhuintir gur á bhfuascailt a chuir Dia chucu é, ach níor thuig.


“Má fuair mé gean uait,” arsa Gideón leis, “tabhair dom comhartha gur tusa féin atá ag labhairt liom.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí