Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
2 Ríthe 3:13 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Elisa ré rígh Israel, Cred atá agumsa ré dhéanamh riotsa? imthigh go fáighibh hathar, agus go fáighibh do mháthar. Agus a dubhairt rígh Israel ris, Ní headh: óir do ghoir an TIGHEARNA na trí ríghthesi a ccionn a chéile, dá seachad a láimh Mhoab. |
Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
Ansin dúirt rí Iosrael: “Mo léan, tá glaoite ag an Tiarna ar an triúr rí seo, lenár dtabhairt i láimh Mhóáb.”
Dúirt (Iahóiseáfát) [rí Iúdá]: “Tá briathar an Tiarna leis.” Ghabhadar síos chuige dá bhrí sin - rí Iosrael, (Iahóiseáfát) [rí Iosrael], agus rí Eadóm.
Glaoifidh siad orm ansin, ach gan freagra a fháil; lorgóidh siad mé, ach gan fáil orm.
Cén áit anois a bhfuil do fháithe a thairngir duit á rá: ‘Ní thiocfaidh rí na Bablóine in bhur n‑aghaidhse, ná in aghaidh na tíre seo?’
“Téanaigí, fillimis ar an Tiarna. Eisean a stróic sinn, eisean a leigheasfaidh sinn; Eisean a thug léasadh dúinn ach cneasóidh sé ár gcneácha.
Scread siad amach: “Cad ab áil leat dínn, a Mhic Dé? An é a thug anseo thú chun sinn a chrá roimh an uain?”
As seo amach dá bhrí sin ní dhéanaimid neach ar bith a mheas do réir caighdeáin shaolta. Más ea féin go ndearnamar Críost a mheas de réir an chaighdeáin sin tráth, ní dhéanaimid amhlaidh a thuilleadh.
Cén cumann atá ag Críost le Beiliar? Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?
Imígí agus glaoigí ar na déithe is rogha libh! Déanaidís-sean sibh a fhuascailt in am an ghátair!”
Dúirt Náoimí [le Rút] ansin: “Féach i leith orm anois. Siúd í bean do dhearthár imithe ar ais chun a muintire féin agus chun a dé féin. Imighse leat chomh maith agus lean bean do dhearthár.”