Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”
2 Ríthe 3:12 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt (Iahóiseáfát) [rí Iúdá]: “Tá briathar an Tiarna leis.” Ghabhadar síos chuige dá bhrí sin - rí Iosrael, (Iahóiseáfát) [rí Iosrael], agus rí Eadóm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iehosaphat, Atá bríathar an TIGHEARNA maille ris. Ann sin do chuáidh rígh Israel, agus Iehosaphat, agus rígh Edom síos go nuige é. |
Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”
Ach dúirt rí Iúdá (Iahóiseáfát): “An bhfuil aon fháidh leis an Tiarna anseo trína bhféadfaimis dul i gcomhairle leis an Tiarna?” D'fhreagair duine de shearbhóntaí rí Iosrael: “Tá Eilíseá mac Sheáfat anseo, an té a scaoileadh an t‑uisce ar lámha Éilias.”
Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”
Ansin d'fhill sé ar an ngiolla Dé, é féin agus a chuideachta, agus sheas sé os a chomhair. “Anois a aithním,” ar seisean, “nach bhfuil Dia ar bith sa domhan ar fad ach amháin in Iosrael. Anois dá bhrí sin tóg bronntanas ó do shearbhónta, le do thoil.”
Beidh ríthe ina n‑aithreacha altrama agat agus a mbanríona agat mar bhanaltraí cíche. Sléachtfaidh siad romhat agus a mbéal fúthu ar an talamh agus lífidh siad an dusta de do chosa. Beidh a fhios agat gur mise an Tiarna; an dream a bhfuil a súil liom, ní chuirfear iad dá ndóchas.
Tiocfaidh clann lucht an ansmachta ag cromadh síos i do láthair; sléachtfaidh ag do chosa an dream a mba tháir leo thú. Tabharfaidh siad Cathair an Tiarna ort, Síón Neach Naofa Iosrael.
Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.
Féach! tabharfaidh mé do shionagóg Shátain iad siúd a deir gur Giúdaigh iad féin agus nach ea, ach gur bréag dóibh sin, agus, féach, cuirfidh mé iallach orthu teacht agus sléachtadh ag do chosa agus a thuiscint go bhfuil grá agam duit.