Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 2:21 - An Bíobla Naofa 1981

21 Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

21 Agus do chuáidh seision amach mar a raibh gineamhuin na nuisgeadh, agus do theilg sé an salann ann, agus a dubhairt, Is marso a deir an TIGHEARNA, Do leighis mé na huisgeadhasa; ní bhía feasda marbhadh nó neamhthórrachd ionta.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 2:21
14 Tagairtí Cros  

“Tugaigí crúiscín nua chugam,” ar sé, “agus cuirigí roinnt salainn ann.” Thugadar chuige é.


D'éirigh an t‑uisce folláin agus tá sé amhlaidh go dtí an lá inniu mar a dúirt Eilíseá a bheadh.


“Tugaigí min dom más ea,” arsa Eilíseá. Agus chaith sé sa choire í, agus dúirt: “Scaoiligí amach chucu seo í, agus ithidís í.” Agus ní raibh aon nimh sa choire.


“Cár thit sé?” d'fhiafraigh an giolla Dé de, agus thaispeáin sé an áit dó. Ansin ghearr sé slapar agus chaith isteach ansiúd é agus chuir an t‑iarrann ar snámh.


Ní foláir salann a chur mar anlann le gach abhlann a ofrálfaidh tú; ná fág salann chonradh do Dhé in easnamh ar aon abhlann; ofráil salann le gach íobairt.


“Is méanar daoibh féin nuair a thabharfar aithis daoibh agus a ghéarleanfar sibh, agus nuair a chuirfear gach sórt drochrud in bhur leith go bréagach mar gheall ormsa.


Is maith an rud salann, ach má éiríonn an salann leamh cad a chuirfidh sibh mar anlann leis? Bíodh salann agaibh ionaibh agus bíodh síocháin eadraibh.”


Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill


Glanfaidh sé gach deoir óna súile, agus ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná pian ann a thuilleadh, óir tá an seansaol thart.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí