Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 2:20 - An Bíobla Naofa 1981

20 “Tugaigí crúiscín nua chugam,” ar sé, “agus cuirigí roinnt salainn ann.” Thugadar chuige é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

20 Agus a dubhairt seision, Tabhruigh chugam crúisgín núadh, agus cuirigh salann ann. Agus thugadar sin chuige.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 2:20
5 Tagairtí Cros  

Dúirt muintir na cathrach le hEilíseá: “Féach, is taitneamhach an ball í an chathair seo, mar is léir do mo thiarna, ach tá an t‑uisce bréan agus tá an ithir neamhthorthúil.”


Chuaigh sé ansin go súil an tobair agus chaith salann isteach inti, agus dúirt: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Rinne mé an t‑uisce seo glan; ní bheidh bás ná marbhghin as feasta.’ ”


Ní thiocfaidh úire sna riasca agus sna bogaigh; fágfar iadsan ina sáile.


Ar an ábhar sin,” a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael, “dar mo bheo ach beidh Móáb mar Shodom agus clann Amón mar Ghomorá - dúiche lán neantóg, carn salainn, díthreabh go deo. Creachfaidh fuílleach mo phobail iad agus glacfaidh iarmhar mo náisiúin seilbh orthu.”


Chaith Aibímeilic an lá sin go léir ag ionsaí na cathrach; ghabh sé í de ruathar, mharaigh a raibh inti, scartáil an chathair ó bhonn agus chuir salann mar shíol inti.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí