rinneadh bearna i mballa na cathrach. Láithreach bonn [d'éalaigh an rí] amach faoi choim na hoíche agus an lucht troda uile ina theannta tríd an ngeata idir an dá bhalla atá in aice ghairdín an rí - mar bhí na Caildéigh ar gach taobh den chathair - agus rinne sé a bhealach ionsar an Arabá.
Dúirt sibh: “Ní amhlaidh! Teithfimid ar muin chapaill!” Go deimhin féin, is ag teitheadh a bheidh sibh! “I gcarbaid mheara a theithfimid!” Maith go leor! Is mear mar a rachfar sa tóir oraibh!
Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’
Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.
Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin.
Lean saighdiúirí na gCaildéach iad agus rug siad ar Zidicíá ar mhachairí Ireachó. Nuair a ghabh siad é thug siad suas go Nabúcadnazar rí na Bablóine é i Ribleá i dtír Hamát, áit ar thug sé breithiúnas air.
D'imigh Iúdá léi ar deoraíocht chun angar agus daoirse a sheachaint; cónaíonn sí i measc na náisiún ach ní bhfaigheann sí ionad suaimhnis ann; óir, tá an tóir tar éis teacht suas léi mar a bhfuil sí i gcúngrach mór.
Tá a mórgacht uile leáite ó iníon Shíón; ba chosúil a flatha le fianna nach raibh féarach acu níos mó; bhíodh siad ar a dteitheadh go lagbhríoch roimh an tóir a cuireadh orthu.