Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Agus ní imeoidh tusa uaidh ach tógfar thú go deimhin agus cuirfear ina láimh thú. Feicfidh tú rí na Bablóine gnúis le gnúis agus labharfaidh tú leis béal ar bhéal. Rachaidh tú don Bhablóin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ní imeocha tusa as a láimh, acht géabhthar thú go deimhin, agus toirbheorthar ann a láimh thú; agus do chífid do shúile súile rígh na Babilóine, agus laibheora sé riot béul ar bhéul, agus rachuidh tú don Bhabilóin.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:3
18 Tagairtí Cros  

Ina dhiaidh sin - an Tiarna a labhraíonn - tabharfaidh mé Zidicíá, rí Iúdá, lena sheirbhísigh agus an méid de mhuintir na cathrach seo a fágadh ón bplá, ón gclaíomh nó ón ngorta, i láimh a namhad agus i láimh na ndaoine a iarrann a mbás; buailfidh sé iad le faobhar an chlaímh, ní choigleoidh sé iad, ní mó a bheidh trua ná trócaire aige dóibh.’


Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”


“Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna: ‘Táim ag tabhairt na cathrach seo anois i láimh na gCaildéach, i láimh Nabúcadnazar rí na Bablóine, agus tógfaidh seisean í.


óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í,


agus ní rachaidh Zidicíá rí Iúdá as láimh na gCaildéach, ach go deimhin tabharfar i láimh rí na Bablóine é, agus labhróidh sé leis béal ar bhéal agus feicfidh sé é gnúis le gnúis.


Maidir le Zidicíá rí Iúdá agus a phrionsaí, tabharfaidh mé iadsan freisin i láimh a namhad agus i láimh na droinge a iarrann a mbás, agus i láimh slua rí na Bablóine atá díreach tar éis tarraingt siar uaibh.


Mar sin féin éist briathar an Tiarna, a Zidicíá, a rí Iúdá, agus ní mharófar leis an gclaíomh thú;


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Ach mura dtéann tú amach agus géilleadh d'oifigigh rí na Bablóine, ansin tabharfar an chathair seo i láimh na gCaildéach a dhófaidh go talamh í; agus ní rachaidh tusa óna lámha.’ ”


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Leathnóidh mise mo líon air agus rachaidh sé i bhfostú i mo mhogall; tabharfaidh mé liom é go dtí an Bhablóin i dtír na gCaildéach, cé nach bhfeicfidh sé é; agus gheobhaidh sé bás ansin.


Ach d'éirigh [an prionsa] amach agus chuir teachtaí chun na hÉigipte, ionas go dtabharfaidís capaill agus slua fear dó. An n‑éireoidh leis? An rachaidh a leithéid seo d'fhear slán? An bhfuil sé i ndán d'fhear briste an chonartha dul slán?


Dar mo bheo - an Tiarna Dia a labhraíonn - dar mo fhocal, gheobhaidh sé bás in áit chónaithe an rí a bhfuair sé an choróin uaidh, is é sin, sa Bhablóin. Óir mhaslaigh sé a mhionn agus bhris a chonradh.


socraigh bealach ar a dtiocfaidh an claíomh go Rábá na nAmónach agus go Iúdá agus go dún Iarúsailéim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí