Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 34:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 “Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Imigh agus labhair le Zidicíá, rí Iúdá. Inis é seo dó: Is mar seo a deir an Tiarna: Táim ag tabhairt na cathrach anois i lámha rí na Bablóine, agus dófaidh sé go talamh í.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Is marso a deir an TIGHEARNA, Día Israel; Imthigh agus labhair ré Sedeciah rígh Iúdah, agus innis dó, Is marso a deir an TIGHEARNA; Féuch, do bhéara mé an chathairsi a láimh rígh na Babilóine, agus loiscfidh seilé teine:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 34:2
14 Tagairtí Cros  

Sa naoú bliain dá réimeas, sa deichiú mí, ar an deichiú lá den mhí, tháinig Nabúcadnazar rí na Bablóine faoi lán nirt le hionsaí a dhéanamh ar Iarúsailéim. Shuigh sé a champa ar aghaidh na cathrach amach agus thóg sé túir léigir ina timpeall.


Loisc sé Teampall an Tiarna, pálás an rí agus na tithe go léir a bhí in Iarúsailéim, níor fhág sé teach mór gan cur trí thine.


Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”


‘Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: Tógfaidh mé ar ais na hairm chogaidh atá in bhur lámha anois, lena dtroideann sibh in aghaidh rí na Bablóine agus na gCaildéach a shuíonn mórthimpeall oraibh anois taobh amuigh de na ballaí; déanfaidh mé carn díobh i lár na cathrach seo.


Tabharfar don Bhablóin iad, agus beidh siad ann nó go dté mise faoina ndéin - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfaidh mise ar ais iad ansin agus cuirfidh san áit seo iad.’ ”


óir is ann a chuir Zidicíá rí Iúdá i bpríosún é. “Cad chuige duit,” ar sé, “ag tairngreacht mar seo, á rá: ‘Is mar seo a deir an Tiarna: Tabharfaidh mé an chathair seo i láimh rí na Bablóine le go ngabhfaidh sé í,


Éist, ordóidh mise é - an Tiarna a labhraíonn - agus tabharfaidh mé orthu teacht ar ais go dtí an chathair seo, í a ionsaí, a ghabháil agus a dhó go talamh. Déanfaidh mé fásach gan áitreabh de bhailte Iúdá.’ ”


Sea, tabharfar amach do mhná céile uile agus do chlann chun na gCaildéach, agus ní rachaidh tú féin saor óna lámha, ach beidh tú i do phríosúnach i gcrúba rí na Bablóine. Maidir leis an gcathair seo, dófar go talamh [í].”


Dhóigh na Caildéigh pálás an rí go talamh, agus tithe an phobail, agus leag siad múrtha Iarúsailéim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí