Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eizicéil 19 - An Bíobla Naofa 1981


Fáthscéal na Leon

1 “Ach sibhse, tógaigí tuireamh ar son phrionsaí Iosrael.

2 Abraigí: ‘Cad ba mháthair duit? Leon baineann i measc leon. Ina luí idir na leoin óga d'oil sí na coileáin.

3 Thóg sí coileán acu agus d'fhás sé ina leon óg; d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach, agus thosaigh ag alpadh fear.

4 Thóg na ciníocha an gháir ina choinne, gabhadh ina bpoll é; agus thug siad le crucaí go tír na hÉigipte é.

5 Nuair a chonaic [an mháthair] í féin cloíte agus ábhar a dóchais caillte, ghlac sí coileán eile dá cuid agus thóg ina leon óg é.

6 Chuaigh sé ar a sheilg i measc na leon, d'fhás ina leon óg, d'fhoghlaim sé breith ar an gcreach agus thosaigh ag alpadh fear.

7 Scrios sé a gcaisleáin agus bhánaigh a gcathracha; scanraigh an tír agus a raibh inti ag callán a bhúiríola.

8 Ghluais na ciníocha ansin ina choinne ó na cúigí máguaird; leathnaigh siad a n‑eangach thairis; gabhadh ina bpoll é.

9 Ghabh siad i gcarcair é le crúcaí agus rug leo é go rí na Bablóine; chuir siad i mbraighdeanas é ionas nach gcluinfí a ghlór arís ar shléibhte Iosrael.’


Fáthscéal na Fíniúna

10 Bhí do mháthair amhail fíniúin a cuireadh i gcóngar an uisce.

11 D'fhás an ghéag ba láidre ina slat ríoga; d'fhás sí go han-ard os cionn na dtiúchraobhacha. Ba shofheicthe í ar a hairde agus ar mhothall a duilliúir.

12 Ach réabadh as a fréamh í, teilgeadh ar lár í le fearg; seargadh a toradh ag an ngaoth anoir, chríon an ghéag láidir, dhóigh an tine í go léir.

13 Tá sí athchurtha anois san fhásach, in ithir thirim thartmhar.

14 Chuaigh tine amach ón tamhan, a dhóigh idir ghéaga agus thoradh; tá deireadh leis an gcraobh láidir, deireadh leis an tslat ríoga.’ ” Is tuireamh é sin agus glactar leis amhlaidh.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí