Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 24:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 Maidir leis na drochfhígí, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas - go deimhin is mar seo a deir an Tiarna - is amhlaidh sin a dhéanfaidh mé le Zidicíá rí Iúdá, a phrionsaí agus fuílleach Iarúsailéim a d'fhan sa tír seo, agus fós an dream a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 ¶ Agus amhuil na droichfhígeadh, nach féidir dithe, air a nolcus; (go deimhin is marso a déir an TIGHEARNA,) Is amhluigh sin sheachódus mé Sedeciah rígh Iúdah, agus a phrionnsadha, agus an chuid oile do Ierusalem, atá dfuighioll ann sa tírsi, agus an drong chomhnuighios a gcrích na Hégipte:

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 24:8
18 Tagairtí Cros  

Clann mhac Ióisíá: Ióchánán an chéadghin, Iahóiácaím an dara mac, Zidicíá an tríú mac, Sealúm an ceathrú mac.


D'imigh mé ansin go dtí an Eofrataes, thochail mé agus thóg an crios as an áit ar fholaigh mé é. Bhí an crios millte, gan mhaith.


Óir tá m'aghaidhse curtha in éadan na cathrach seo chun oilc agus ní chun maitheasa - an Tiarna a labhraíonn. Tabharfar i láimh rí na Bablóine í, agus dófaidh sé go talamh í.’ ”


Bhí fígí maithe i gcliabh amháin díobh, cosúil leis na fígí a bhíonn aibí i dtús; sa chliabh eile bhí fígí an olca, nárbh fhéidir a ithe ar a n‑olcas.


“Is mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Faoi mar is maith iad na fígí seo, is amhlaidh sin a rachaidh mé i gcúram lucht deoraíocht Iúdá a sheol mé amach as an áit seo go tír na gCaildéach.


Dá mb'ea go leagfadh sibh slua uile na gCaildéach atá ag troid in bhur n‑aghaidh anois agus nach mairfeadh díobh ach na fir loite, d'éireoidís arís, gach uile fhear acu ina bhoth, chun an chathair seo a dhó go talamh.’ ”


Chuir Zidicíá an rí fios air agus rug amach é. Cheistigh sé go rúnda é ina phálás: “An bhfuil focal ar bith ón Tiarna?” d'fhiafraigh sé. “Tá sin,” a dúirt Irimia, “tabharfar thusa i láimh rí na Bablóine,” ar sé.


Ach nuair a bhí briathra uile an Tiarna a nDia, ráite ag Irimia leis an bpobal uile, ar chuir an Tiarna chucu é, is é sin na briathra seo thuas,


“An briathar a tháinig go Irimia le haghaidh na nGiúdach uile a chónaíonn i gcríoch na hÉigipte atá ag cur fúthu ag Migdeol, Tachpanaes, Nof agus tír Phatros.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí