Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Ríthe 25 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)


Caibidil XXV. Braighdionus Bhaibioloin 70 bliadhan.

1 Agus tárla annsa naómhadh blíadhuin dá rioghachd, annsa deichmhadh mí, ar an deichmhadh lá don mhí, go ttáinic Nebuchadnessar rígh na Babílóine, é feín, agus a shlúagh uile, a naghaidh Ierusalem, agus do shuighidh se a shlúagh na bun; agus do rinneadar puirt na haghuídh timchioll fa ccuairt.

2 Agus do bhádar a mbun na caithreach nó go ttáinic an táonmhadh blíadhan déag do ríghe Shedecíah.

3 Agus ar an náomhadh lá don cheathramhadh mí, do bhúadhuigh an ghorta annsa ccathruigh, agus ní raibh éinghreim aráin ag muinntir na tíre.

4 ¶ Agus do briseadh an chathair súas, agus do theitheadar luchd an choguidh eile san noídhche a slighe an gheata eidír an dá bhalla, noch atá láimh re gáirdin an rígh: (anois do bhádar na Caildeánuigh a naghaidh na caithreach timchioll fa ccuáirt): agus dimthigh an rígh annsa tslighe leath ris an réiteach.

5 Agus do leanadar slúagh na Gcaildeánach a ndiaigh an rígh, agus rugadar air a réiteach Iericho: agus do bhí a shlúagh uile spréidhte úadh.

6 Mar sin do ghabhadar an rígh, agus rugadar súas go rígh na Babalóine é go Riblah; agus rugadar breitheamhnus air.

7 Agus do mharbhadar mic Shedeciah as coinne a shúl, agus do bheanadar a shúile as Sedeciah, agus do cheangladar é le boltaighibh práis, agus rugadar leó don Bhabilóin é.

8 ¶ Agus annsa ccuigeadh mí, ar an seachdmhadh lá don mhí, (noch ar bhí sin an naomhadh blíadhuin déug do Nebuchadnessar rígh na Babilóine), thainic Nebusar‐adan, caiptín an ghárda, searbhfhoghantuigh do rígh na Babilóine, go Hierusalem:

9 Agus do loisg se tigh an TIGHEARNA, agus tigh an rígh, agus tighthe Ierusalem uile, agus tigh gach éanduine mhóir do loisg sé lé teine.

10 Agus slúagh na Ccaildeánach uíle do bhí a bhfochair chaiptín an ghárda, do bhriseadar síos balladha Ierusalem timchioll fa ccuairt.

11 Anois an chuid oile do na dáoinibh do fhágbhadh annsa ccathruigh, agus na teithmhigh dimthigh rompa go rígh na Babilóine, maille ré fuighioll an phobuil, do rug Nebusar‐adan caiptin an ghárda leis íad,

12 Acht dfág caiptín an ghárda cuid do bhochduibh na tíre do bheith ag deasughadh fíneamhna agus na luchd sáothair.

13 ¶ Agus do bhriseadar na Caldeánuigh a mblodhuibh na pileir phráis do bhí a ttigh an TIGHEARNA, agus na básuidhe, agus a nfairge phrais do bhí a ttígh an TIGHEARNA, agus rugadar an bprás leó don Bhabilóin.

14 Agus rugadar leó na potadha, agus na slúaiste, agus na glantóirigh, agus na líacha, agus na huile shoithighe práis lé bhfritheolaidis.

15 Agus rug caiptín an gharda leis na hioghne gríosaidh, agus na bulladha, agus gach a ndéarnadh dór, an ór, agus dairgiod, an airgiod.

16 An dá philéir, a nfairge, agus na básadha noch do rinne Solamh do thigh an TIGHEARNA; ní raibh coimse ar phrás na soitheachso uile.

17 Do bé áirde éan philéir amháin ochd ccubhaid déug, agus budh phrás an clúdadh do bhí air: agus do bé áirde an chlúduigh trí cubhaid; agus do bhí an líonobair fhighte, agus an pomegranat ar an gceann tímchioll fa ccuairt, uile do phrás: agus do bhí a leitheid so air an dara piléar gun a obair fhighte.

18 ¶ Agus do ghabh caiptín an ghárda Seraiah an tárdshagart, agus Sephaniah an dara sagart, agus triúr coimhéuduigh an doruis:

19 Agus rug sé leis as an gcathruigh oifigeach, do cúireadh ós chionn an luchd cogaidh, agus cúigear do na daóinibh do bhíodh a lathair an rígh, noch fríth annsa ccathruigh, agus scribhneóir prinnsiopalta an tslóigh, noch dairmheadh daóine na tíre, agus trí fithchid fear do mhuinntir na tíre fríth annsa ccathruigh.

20 Agus do ghlac Nebusaradan caiptín an Ghárda íad so, agus thug leis íad go rígh na Babiloine go Riblah:

21 Agus do bhuáil rígh na Babilóine íad, agus do mharbh sé íad ann Riblah a ttir Hamat. Mar sin rugadh Iúdah ar siubhal as a ttír féin.

22 ¶ Agus ar son na ndaóine dfan a ttír Iúdah, noch do fhág Nebuchadnessar rígh na Babilóine, ós a ccionn sin fós dórduigh sé Gedaliah mac Ahicam, mhic Saphan, na uachdarán.

23 Agus an tan do chúaladar caiptínigh na slógh uile, íad féin agus a muinntir, go ndéarna rígh na Babilóine uachdarán do Ghedaliah, thangadar chum Gedaliah go Mispah, eadhon Ismael mac Netaniah, agus Iohanán mac Careáh, agus Seraiah mac Tanhumet an Netophatíteach, agus Iaasaniah mac an Mhaachatitigh, íad féin agus a ndaóine.

24 Agus do mhionnuigh Gedaliah dhóibh, agus dá ndaóinibh, agus a dubhairt ríu, Ná bíodh eagla oruibh bheith bhur searbhfhoghantuibh ag na Caildeánachaibh: áitighidh annsa bhfearann, agus freastaluigh rígh na Babilóine; agus rachaidh go maith dhaóibh.

25 Agus tárla annsa seachdmhadh mí, go ttainic Ismael mac Netaniah, mhic Elisama, don tsíol riógha, agus deithneamhar fear leis, agus do bhuáil sé Gedaliah, gur éug sé, agus na Iúduighe agus na Caildeanuigh do bhí na fhochair a Mispah.

26 Agus do éirgheadar an pobal uile, eidir bheag agus mór, agus caiptínigh na slógh, agus do chúadar don Négipt: óir do bhí eagla na Ccaildeánach orra.

27 ¶ Agus tárla an seachdmhadh bliadhuin déug ar fhithchid do phríosunachd Iehoiachin rígh Iúdah, annsa dara mí déug, ar an seachdmhadh lá fithchiod don mhí, gur thóg Ebhilmerodach rígh na Babilóine annsa bhlíadhuin ar thosuigh a ríghe ceann Iehoiachin righ Iudah súas as príosún;

28 Agus do labhair sé go cinéulta ris, agus do chuir a chathaóir ríogha ós cionn chathaóireach ríghthe oile do bhí na fhochaír a Mbabilóin;

29 Agus do athruigh sé a chulaidh príosúntachda: agus a duáigh sé arán dá lathair do ghnáth ar feadh uile láetheadh a bheatha.

30 Agus bá hé a bheatha, beatha do hórdugheadh dhó go gnáthach ón rígh, cuid laétheamhuil a naghaidh gach laói, ar feadh uile láetheadh a bheatha.

First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí