agus dúirt sé leis: “Seo mar a deir an Tiarna: ‘Dé bhrí gur chuir tú teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón - (an ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael le dul i gcomhairle lena bhriathar?) - uime sin an leaba a ndeachaigh tú a luí inti, ní fhágfaidh tú í, ach gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
“Tháinig fear inár gcoinne,” ar siad leis, “agus dúirt sé linn: ‘Téigí ar ais chun an rí a sheol uaidh sibh, agus abraigí leis: Mar seo a deir an Tiarna: An ea nach bhfuil aon Dia in Iosrael a rá is go bhfuil tú ag seoladh teachtairí le dul i gcomhairle le Bál Zeabúb, dia Eacrón. Ar an ábhar seo, an leaba ina ndeachaigh tú a luí inti, ní éireoidh tú aisti; gheobhaidh tú bás go cinnte.’ ”
Chuaigh Hilcíá, an sagart, agus Aichíceám, agus Seáfán, agus Asáiá go dtí Huldá an banfháidh, bean Shealúm mac Thicveá mac Harchas, coimeádaí na n‑éidí (bhí cónaí uirthi in Iarúsailéim, sa bhaile nua), agus chuir siad an scéal faoina bráid.
Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích;
“An fáidh ag a mbíonn aisling, insíodh sé gur leis féin a aisling! Agus an té ag a bhfuil mo bhriatharsa, labhraíodh sé go beacht é! Céard é baint na cátha leis an gcruithneacht? - an Tiarna a labhraíonn.