Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 22:16 - An Bíobla Naofa 1981

16 Seo mar a deir an Tiarna: Tá tubaiste á tabhairt agam ar an áit seo agus ar an muintir a chónaíonn ann, agus mé ag cur gach a ndeirtear sa leabhar a léigh rí Iúdá i gcrích;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Is marso a deir an TIGHEARNA, Féuch, do bhéara mé olc ar a náitsi, agus air a háitreabhuibh, uile bhríathra an leabhair do léigh rígh Iudah:

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 22:16
18 Tagairtí Cros  

“Éist le briathar an Tiarna: ‘Féach, tiocfaidh na laethanta nuair a sciobfar chun siúil go dtí an Bhablóin gach rud atá i do phálás, gach rud a chruinnigh do shinsir go dtí an lá inniu. Ní fhágfar aon ní,’ arsa an Tiarna.


D'fhreagair sí iad: “Deir an Tiarna, Dia Iosrael, mar leanas: ‘Abraigí é seo leis an té a chuir chugam sibh:


Ach chuir [seisean] díormaí armtha de Chaildéigh, d'Amóraigh, de Mhóábaigh, agus d'Amónaigh ina choinne; chuir sé in aghaidh Iúdá iad le hé a scrios de réir an bhriathair a labhair an Tiarna trí bhéal a shearbhóntaí na fáithe.


Ar an ábhar sin - is mar seo a deir an Tiarna - tabharfaidh mé olc anois orthu nach mbeidh aon dul as acu; má ghlaonn siad orm ní éistfidh mé leo.


Uime sin las fraoch feirge an Tiarna in aghaidh na tíre seo, agus thug air na mallachtaí go léir atá scríofa sa leabhar seo.


bíodh a fhios agaibh go dearfa nach leanfaidh an Tiarna bhur nDia air ag díbirt na gciníocha seo romhaibh; beidh siad mar ghaiste agus mar shlogaide agaibh, mar sciúirse ar bhur maotháin agus mar dhealg in bhur súile go dté sibh ar ceal ón tír fhónta seo a thug an Tiarna daoibh.


Ach má comhlíonadh daoibh gach gealltanas fónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh, comhlíonfaidh an Tiarna chomh maith gach urchóid atá á bagairt aige oraibh, go fiú sibh a scrios as an tír fhónta a thug an Tiarna bhur nDia daoibh.


D'fhás Samúéil agus bhí an Tiarna maille leis agus níor lig sé d'aon fhocal dá chuid titim ar lár.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí