Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
2 Ríthe 13:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do choduil Iehoahas a bhfochair a aithreadh; agus do adhlaiceadar é a Samária; agus do ríoghaidh Ioas a mhac iona áit. |
Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.
Ansin chuaigh Iéahú chun suain lena shinsir agus adhlacadh é sa tSamáir; tháinig a mhac Iahóácház i gcomharbacht air.
Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.
Ansin chuaigh Ióáis chun suain lena shinsir, agus shuigh Iarobám ina ríchathaoir. Adhlacadh Ióáis sa tSamáir le ríthe Iosrael.
An chuid eile de stair Iahóácház, a imeachtaí go léir, agus a ghaisce, nach bhfuil sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael?
Ansin chuir Amaiziá teachtairí go Ióáis mac Iahóácház mac Iéahú rí Iosrael á rá: “Tar agus bíodh triail againn as a chéile!”