Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 13:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Sa seachtú bliain tríochad de réimeas Ióáis rí Iúdá tháinig Ióáis mac Iahóácház i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé sé bliana déag i réim.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 ¶ Annsa seachdmhadh blíadhuin déug ar fhithchid do Ioas rígh Iúdah do thosuigh Iehoas mac Iehoahas a ríghe ós cionn Israel a Samaria, agus do ríoghaidh sé blíadhna déug.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 13:10
8 Tagairtí Cros  

Dúirt an Tiarna le Iéahú: “Ós rud é go ndearna tú go maith a raibh taitneamhach i mo láthair, agus gur chuir tú i gcrích gach ar bheartaigh mé i mo chroí in aghaidh theaghlach Acháb, beidh do shliocht ina suí i ríchathaoir Iosrael síos go dtí an ceathrú glúin.”


Bhí Ióáis seacht mbliana d'aois nuair a tháinig sé i gcoróin.


Sa tríú bliain fichead de réimeas Ióáis mac Achaizíá rí Iúdá, tháinig Iahóácház mac Iéahú i réim ar Iosrael sa tSamáir, agus bhí sé seacht mbliana déag i réim.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna agus níor staon sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael, ach lean sé orthu.


Ansin chuaigh Iahóácház chun suain lena shinsir agus rinneadar é a adhlacadh sa tSamáir, agus tháinig a mhac Ióáis i gcomharbacht air.


Sa dara bliain de réimeas Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael rinneadh rí ar Iúdá d'Amaiziá mac Ióáis.


Mhair Amaiziá mac Ióáis rí Iúdá cúig bliana déag tar éis bháis do Ióáis mac Iahóácház rí Iosrael.


Tharla sin de réir mar a gheáll an Tiarna do Iéahú: “Beidh do chlann mhac ina suí i ríchathaoir Iosrael go dtí an ceathrú glúin.” Agus is mar sin a bhí.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí