Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 14:13 - An Bíobla Naofa 1981

13 Déanfaidh Iosrael go léir é a chaoineadh, agus é a adhlacadh. Eisean amháin de mhuintir Iarobám a rachaidh i dtuama, mar is ann amháin de theaghlach Iarobám a fuarthas ábhar taitnimh leis an Tiarna Dia Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

13 Agus do dhéanuid Israel uile doilghios ar a shon, agus adhlaicfid é: óir is eision amháin rachus ó Ieroboam chum na huaighe, do chionn gur fríth annsan do thigh Ieroboam ní éigin maith a ttaobh an TIGHEARNA Día Israel.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 14:13
10 Tagairtí Cros  

Rinne Iosrael go léir é a adhlacadh agus a chaoineadh, de réir bhriathar an Tiarna, a labhair sé ó bhéal a shearbhónta, an fáidh Aichíá.


De bhrí gur umhlaigh sé é féin, d'iompaigh fearg an Tiarna uaidh agus níor scrios sé ar fad é. Bhí an scéal go maith acu in Iúdá.


Tá maitheas éigin ionat mar sin féin mar go bhfuil na cuaillí naofa scriosta as an tír agat, agus tá do chroí dírithe agat ar thóraíocht Dé.”


Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”


Ná golaigí ar son an mhairbh, ná caoinigí é. Ach golaigí go géar ar son an té a d'imigh, óir ní thiocfaidh sé ar ais go deo, ní fheicfidh sé a thír dhúchais arís go brách.


Ar an ábhar sin is mar seo a deir an Tiarna i dtaobh Iahóiácaím mac Ióisíá, rí Iúdá: “Bás don fhear sin! Ná caoinigí é: ‘Uch a dheartháir!’ ‘Uch a dheirfiúr!’ Ná caoinigí ar a shon: ‘Uch, a thiarna!’ ‘Uch, a mhórgacht!’


Nuair a chonaic an comhthionól go léir go raibh Árón tar éis bháis, chaoin teaghlach Iosrael Árón ar feadh deich lá fichead.


Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí