Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




2 Ríthe 11:4 - An Bíobla Naofa 1981

Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

¶ Agus do chuir Iehoiada teachda uádh an seachdmhadh blíadhuin agus thug leis na húachdaráin ós cionn na ccéud, agus na caiptínigh agus an gárda, agus thug chuigesion íad go tigh an TIGHEARNA, agus do rinne cunnradh ríu, agus do bhean mionna dhíobh a ttigh an TIGHEARNA, agus do thaisbéin mac an rígh dhóibh.

Féach an chaibidil



2 Ríthe 11:4
24 Tagairtí Cros  

Ansin chuir Iósaef clann Iosrael faoi bhrí na mionn á rá: “Nuair a thiocfaidh Dia ag triall oraibh, tugaigí mo chnámha libh ón áit seo gan teip.”


Bhí Ióáb i gceannas arm Iosrael go léir; bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach;


Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.


Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí.


Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: ‘Níl sé anseo,’ chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu.


Rinne Iahóideá conradh idir an Tiarna agus an rí agus an pobal, go mbeadh siad ina bpobal ag an Tiarna; idir an rí agus an pobal mar an gcéanna.


Thug sé leis na ceannfoirt, na Cairianaigh, na fir faire agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo óTheampall an Tiarna trí gheata na ngardaí isteach i bpálás an rí, agus shuigh sé i gcathaoir na ríthe.


D'fhan sé sé bliana aici i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre.


Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart.


Ach faoin tríú bliain fichead de réimeas Ióáis rí, ní raibh aon deisiú déanta ag na sagairt ar an Teampall.


Sheas an rí ar an ardán agus rinne sé conradh i láthair an Tiarna a chur mar cheangal air féin an Tiarna a leanúint agus a aitheanta agus a reachtanna agus a dhlíthe a chomhlíonadh lena chroí go hiomlán, agus lena anam go hiomlán, ionas go mbeadh éifeacht le briathra an chonartha a bhí scríofa sa leabhar sin. D'aontaigh an pobal ar fad leis an gconradh.


Bhí míle seacht gcéad agus a seasca laoch tréan dá ngaolta ann, cinn fine, a ghabh de láimh dualgais Theampall Dé.


Agus rinne siad conradh go lorgfaidís an Tiarna, Dia a sinsear, lena gcroí go hiomlán agus lena n‑anam go hiomlán,


Tá sé beartaithe agam anois conradh a dhéanamh leis an Tiarna, Dia Iosrael, i dtreo go gcasfaí fraoch a fheirge uainn.


Agus an chuid eile den phobal, na sagairt, agus na Léivítigh, na gardaí geata, na cantairí, na tíolacthaigh, agus gach duine a scar le bunadh na dtíortha le cloí le dlí Dé; a mná, a gclann mhac agus iníonacha, agus gach duine a bhí tagtha go blianta na tuisceana -


“Déanfaimid cúiteamh,” d'fhreagair siad, “ní éileoimid a thuilleadh orthu; déanfaimid rud ort.” Chuir mé fios ar na sagairt agus thug mé faoi deara dóibh mionn a thabhairt go ndéanfaidís beart de réir a mbriathar.


Nuair a chuala ceannfort an Teampaill agus na hardsagairt an scéal seo, ní fhéadfaidís a thuiscint cad a bhí tite amach dóibh.


Ansin d'imigh an ceannfort agus a chuid giollaí agus thug siad leo iad, gan aon lámh láidir, áfach, mar bhí eagla orthu roimh an bpobal, go gclochfaidís iad.


Uime sin rinne Iósua conradh leis an bpobal an lá sin, agus leag sé síos reachtanna agus foraitheanta dóibh ag Seicim.


Rinne Iónátán conradh le Dáiví go dtabharfadh sé grá dó mar a dhéanfadh dá anam féin.


Rinne an bheirt acu conradh i láthair an Tiarna. D'fhan Dáiví i Hoiris, agus chuaigh Iónátán abhaile.