Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 11:9 - An Bíobla Naofa 1981

9 Rinne na ceannfoirt gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor den gharda ar an tsabóid agus iad siúd a bhí ag dul ar garda ar an tsabóid, agus tháinig siad chuig Iahóideá an sagart.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do rinneadar na caiptínigh ós cionn na ccéud gach éinní dar aithin Iehoiada an sagart díobh: agus rug gach éanduine dá raibh ag dul a steach annsa ló shaóire, á mhuinntir leis an droing dar chóir dul amach annsa tsábbóid, agus thangadar go Iehoiada an sagart.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 11:9
4 Tagairtí Cros  

Bhí Banáiá mac Iahóideá i gceannas na gCeiréiteach agus na bPeiléiteach. Bhí clann mhac Dháiví ina sagairt.


Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.


Bhí an Sealomót céanna agus a ghaolta i bhfeighil cistí na n‑ofrálacha a thíolaic Dáiví rí, agus na cinn fine, agus na ceannairí míle agus na ceannairí céad, agus na hoifigigh shinsearacha eile.


Rinne na Léivítigh agus Iúdá go léir gach ní mar a d'ordaigh Iahóideá an sagart. Rug siad gach duine acu, a gcuid fear leo, iad siúd a bhí ag scor dá ndualgas ar an tsabóid agus iad siúd a bhí le dul ar dualgas ar an tsabóid; óir níor scaoil Iahóideá le haon cheann de na hoird.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí