Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 11:8 - An Bíobla Naofa 1981

8 agus seasaidís timpeall an rí agus a airm i láimh gach fir; cuirtear chun báis aon duine a thabharfaidh iarracht ar bhrú tharaibh isteach. Bígí le hais an rí ag gabháil amach agus ag teacht isteach dó.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus béithí timchioll an rígh fa ccuairt, gach uile dhuine gun a arm iona láimh: agus gidh bé ar bith thiocfas a measc na ccóirigh a steach, marbhthar é; agus bíthise a bhfochair an rígh mar rachus sé amach agus mar thiucfas sé a steach.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 11:8
7 Tagairtí Cros  

Ansin d'ordaigh Iahóideá an sagart do na hoifigigh airm: “Beirigí libh í taobh amuigh den áit naofa agus cuirigí chun báis leis an gclaíomh duine ar bith a leanfaidh í.” “Óir ní foláir,” a mheabhraigh an sagart dóibh, “gan í chur chun báis i dTeampall an Tiarna.”


agus téadh an dá thrian eile agaibh a bheidh ar dualgas ar an tsabóid ar garda ar Theampall an Tiarna (le hais an rí),


Seasadh na Léivítigh timpeall an rí, agus a arm i láimh gach fir; aon duine a dhéanfaidh iarracht ar dhul isteach sa Teampall, cuirtear chun báis é. Bígí le hais an rí ag teacht isteach agus ag gabháil amach dó.”


Ach má leomhann duine a chomharsa a ionsaí d'aon ghnó agus a mharú le feall, ní foláir duit é a bhreith fiú ó m'altóir chun a mharaithe.


“Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,


fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí