Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 18:10 - An Bíobla Naofa 1981

10 Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: ‘Níl sé anseo,’ chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Mar mhairios do THIGHEARNA Día, Ní bhfuil críoch nó rioghachd, nach ar chuir mo thighearna íarruidh ort ann: agus a nuáir a deirdís, Ní bhfuil sé annsin; do bhameadh sé mionna don chrích nó don rioghacht, nach bhfúaradar thú.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 18:10
20 Tagairtí Cros  

Thug an rí mionn agus dúirt: “Dar an Tiarna beo, an té a d'fhuascail mé ó gach gábh,


Dúirt Éilias an Tisbíoch ó Thisbé i nGileád le hAcháb: “Dar an Tiarna beo, Dia Iosrael, dá ndéanaim seirbhís, ní thiocfaidh drúcht ná fearthainn sna blianta beaga romhainn, ach de réir mar ordóidh mise.”


“Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”


Rinne sé mar a dúirt an Tiarna leis; d'imigh sé agus d'fhan sé i nGleann Chéirít atá taobh thoir den Iordáin.


“Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.”


Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’


D'fhreagair Éilias: “Dar Tiarna beo na Slua, dá ndéanaim seirbhís, seasóidh mé ina fhianaise inniu.”


Ach dúirt Obaidiá: “Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé?


Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”


Ach d'fhreagair Míocáia: “Dar an Tiarna beo, cibé a déarfaidh an Tiarna, sin é an briathar a labhróidh mé.”


Téann an t‑éagráifeach ar thóir lucht na hainnise go díomasach agus ceaptar iad siúd sna bearta a bheartaigh sé.


Nach lánmhar an mhaitheas atá i dtaisce agat don dream lenarb eagal tú, a thugann tú don mhuintir a thriallann ort i bhfianaise na hÁdhamchlainne.


An té a chónaíonn i ndaingean an Té is Airde, a mhaireann faoi scáth an Uilechumhachtaigh,


Ansin dúirt na feidhmeannaigh le Barúch: “Imigh, téigh i bhfolach, thusa agus Irimia; agus ná bíodh a fhios ag aon duine cén áit a mbeidh sibh.”


D'ordaigh an rí don phrionsa Iaramael agus do Sharáiá mac Aisriéil agus do Shealaimiá mac Aibdeal, Barúch an scríobhaí agus an fáidh Irimia a ghabháil. Ach d'fholaigh an Tiarna iad.


Mar sin, thóg siad suas clocha le caitheamh leis, ach d'fholaigh Íosa é féin agus d'imigh amach as an Teampall.


Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.”


Chuir Áicís fios ar Dháiví agus dúirt sé leis: “Dar an Tiarna beo, bhí tú dílis, agus, dar liomsa, níl ann ach an ceart thú a dhul in éineacht liom ar an slógadh, mar nach bhfuair mé aon locht ort ón lá a ghabh tú liom go dtí inniu féin. Ach níl na taoisigh sásta leat.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí