Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 14:27 - An Bíobla Naofa 1981

27 Ina n‑áitsean rinne Rachabám sciatha cré-umha, agus chuir iad faoi chúram oifigigh gharda gheataí pháláis an rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

27 Agus do rinne an rígh Rehoboam scíatha práis na náit, agus do chuir sé ar láimh chaiptíne an ghárda íad, noch do choimhéud dorus thigh an rígh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 14:27
11 Tagairtí Cros  

Ach chodail Úiríá lasmuigh de dhoras an pháláis le garda cosanta a mháistir; ní dheachaigh sé síos chun a thí féin.


Ina dhiaidh sin fuair Aibseálóm carbad agus eachra agus leathchéad fear le rith roimhe.


San am sin buaileadh tinn Aibíá mac Iarobám.


Aon uair a théadh an rí isteach i dTeampall an Tiarna, d'iompraíodh na gardaí iad, agus thugaidís ar ais chun seomra an gharda iad ina dhiaidh sin.


Ach dúirt an Tiarna leis: “Tá bean Iarobám ar an tslí chugat ag lorg oracail ort i dtaobh a mic mar go bhfuil sé breoite. Déarfaidh tú a leithéid seo léi. Nuair a thiocfaidh sí ligfidh sí uirthi féin gur bean eile í.”


Bhí lámh an Tiarna ar Éilias; chrap sé a chlóca timpeall air féin agus rith sé roimh Acháb go himeall Izréil.


Thug sé leis na ceannfoirt, na Cairianaigh, na fir faire agus muintir na tuaithe go léir, agus rugadar an rí leo óTheampall an Tiarna trí gheata na ngardaí isteach i bpálás an rí, agus shuigh sé i gcathaoir na ríthe.


Sa seachtú bliain chuir Iahóideá fios ar cheannfoirt na gCairianach agus na bhfear faire, agus thug sé chuige féin iad i dTeampall an Tiarna. Rinne sé conradh leo agus tar éis dó iad a chur faoi mhionn thaispeáin sé mac an rí dóibh.


Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.


Dúirt sé: “Seo iad na bealaí a bheidh ag an té a bheidh ina rí oraibh: tógfaidh sé bhur gclann mhac agus ceapfaidh sé iad mar charbadóirí agus mar mharcshlua aige féin, agus ceapfaidh sé iad le rith os comhair a charbaid amach.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí