Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
2 Ríthe 10:19 - An Bíobla Naofa 1981 Glaoigí chugam dá bhrí sin ar fháithe Bhál ar a mhóidíní go léir, agus ar a shagairt; ná bíodh aon duine in easnamh mar tá íobairt mhór le hofráil agam do Bhál. Má bhíonn aon duine ar iarraidh, caillfidh sé a anam dá bharr.” Cleas ab ea é seo ag Iéahú le móidíní Bhál a scrios. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Anois ar a nadhbharsin goiridh chugam fáighe Bhaal uile, a sherbhísigh uile, agus a shagairt uile; ná teastuigheadh éandúine dhíobh: óir atá íodhbuirt mhór agamsa ré a dhéanamh do Bháal; gidh bé fhanfus a muigh, ní mairfidh sé. Achd do rinne Iehu so mar ghliocus, ionnus go sgriosfadh sé luchd adhartha Bhaal. |
Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”
Chruinnigh rí Iosrael na fáithe le chéile, dá bhrí sin, ceithre chéad díobh. “Ar chóir dom dul agus Rámot Gileád a ionsaí, nó ligean dó?” ar sé. “Téigh,” ar siad, “tabharfaidh an Tiarna i lámha an rí é.”
Ansin chruinnigh Iéahú an pobal go léir agus dúirt: “Rinne Acháb beagán seirbhíse do Bhál, ach déanfaidh Iéahú mórán.
Ansin dúirt Eilíseá le rí Iosrael: “Cén gnó atá agatsa liomsa? Téigh go fáithe d'athar agus do mháthar.” D'fhreagair rí Iosrael: “Ní dhéanfaidh mé. Ghlaoigh an Tiarna ar an triúr ríthe seo, lenár dtabhairt i lámha Mhóáb.”
Ach faoi mar a mheall an nathair nimhe Éabha lena chuid glicis tráth, is é eagla atá orm go gclaonfar bhur smaointe agus go dtréigfidh sibh bhur nglandílseacht do Chríost.
Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.
Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar;