Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.
1 Tiomóid 2:9 - An Bíobla Naofa 1981 Ar an gcuma chéanna ba mhaith liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluaigh, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus na mná a bheith á ngléasadh féin go modhúil macánta in éadaí mar is cuí, gan ór ná péarlaí a fhí ina bhfolt ná feistiú costasach a bheith orthu, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus is mian liom, leis, go gcuirfeadh na mná éadaighe oireamhnacha umpa féin, go geanmnaidhe, banamhail; gan gruaig threillseach, gan ór, ná péarlaí, ná culaithe luachmhara; An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus na mná mar an gcéudna, do chur éuduigh iomchúbhaidh iompa, maille ré hadhnáire agus ré macántus; ní ré grúaig chasda, ná ré hór, ná ré péurlaighibh, ná ré cúluigheachuibh mórluáidh; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ar an gcuma chéanna is mian liom go ndéanfadh na mná iad féin a chóiriú go modhúil stuama in éadaí slachtmhara, gan trilseáin ná ornáidí óir ná péarlaí ná feisteas mórluachach, |
Thóg sé amach seoda óir agus airgid agus éadaí agus thug do Ribeacá iad; thug sé ornáidí luachmhara dá deartháir agus dá máthair chomh maith.
Nuair a tháinig Iéahú go Izréil, chuala Ízeibil faoi, agus mhaisigh sí a súile, agus chóirigh a ceann agus bhí ag féachaint amach an fhuinneog.
Dúirt an Tiarna: “De bharr dhíomais iníonacha Shíón, mar go siúlann siad lena gceann suas agus iad ag caitheamh catsúile, mar go dtéann siad de ghearrchoiscéim, ag baint ceoil as a bhfáinní coise,
Tógfaidh siad suas arís na fothracha ársa, beidh siad ag foirgniú ar bhallóga an tseanama; deiseoidh siad na cathracha creachta agus na ballóga atá uaigneach leis na cianta.
An ndéanann maighdean dearmad ar a hornáidí, nó brídeog dearmad ar a feisteas pósta? Ach ina dhiaidh sin dhearmad mo phobal mise laethanta gan áireamh.
Agus tusa, céard tá ar intinn agat a dhéanamh? Bíodh go gcóiríonn tú thú féin faoi scarlóid, go maisíonn thú féin le hornáidí órga, go léiríonn do shúile le dathú, is go díomhaoin a dhéanann tú thú féin sciamhach. Tarcaisníonn d'aos grá thú, is é do bhás a shantaíonn siad.
Ach cad a chuaigh sibh amach a fheiceáil? Duine a bhí cóirithe go mín? Iad seo a mbíonn éadaí míne orthu, is i dtithe na ríthe atá siad.
ach iad féin a mhaisiú le dea-oibreacha mar a oireann do mhná a bhfuil meas na cráifeachta acu orthu féin.