Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
1 Ríthe 9:26 - An Bíobla Naofa 1981 Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do rinne an rígh Solamh cobhlach long ann Esion geber, noch atá láimh re Elot, ar thráigh na mara Ruáidhe, a ccrich Edom. |
Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.
Eisean a d'atóg Éalat agus a fuair ar ais do Iúdá é tar éis don rí dul chun suain lena shinsir.
“Ghabhamar thar ár mbráithre gaoil, clann Éasau, a bhfuil cónaí orthu i Saeír, feadh bhealach an Arabá agus ó Éalat agus Eizion Geibir. Ansin chasamar agus ar aghaidh linn i dtreo fhásach Mhóáb.