Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 10:22 - An Bíobla Naofa 1981

22 Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

22 Oír do bhí ag an rígh ar fairge cobhlach Tharsis maille re cobhlach Híram: éanuáir annsna trí blíadhnaibh do thigeadh cobhlach Tharsis, ag tabhairt óir, agus airgid, agus fhíacal Elephant, agus Appadh, agus phéacóg.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 10:22
21 Tagairtí Cros  

Clann Iáván: Eilíseá agus Tairsís agus Citím agus Dodáiním.


Rinne an rí chomh maith ríchathaoir mhór eabhair, agus chumhdaigh í le hór athleáite.


Ba d'ór soithí óil uile Sholaimh rí, agus ba d'ór fíre gréithe uile Halla Fhoraois na Liobáine, gan aon ní d'airgead mar ba bheag an meas a bhí ar airgead le linn Sholaimh.


Ní raibh aon rí ar Eadóm (ach fear ionaid) agus


rinne Iahóiseáfát rí loingeas Thairsís le dul go hÓifír ag triall ar ór, ach níor shroich an loingeas ceann scríbe, ach scriosadh iad ag Eizión Geibir.


Thóg Solamh rí cabhlach ag Eizión Geibir i gcóngar Éalat ar bhruach na Mara Rua i dtír Eadóm.


Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin.


An bhfuil aon dul ag sciathán na hostraise Ar chlúmh an chorr éisc agus an tseabhaic?


Tháinig crith cos is lámh orthu láithreach, amhail tinneas clainne;


Tiocfaidh ríthe Thairsís agus na nInsí, ag triall air le tabhartais. Tabharfaidh ríthe na hAráibe agus Seaba bronntanais chuige.


i gcoinne loingeas Thairsís go léir agus a n‑earraí luachmhara go léir...


Fáistine i dtaobh na Tuíre. Caoinigí, a longa Thairsís, mar tá bhur longfort scriosta. Ar a mbealach ó thír Chitím is ea chuala siad an scéala.


Téigí le talmhaíocht, a mhuintir Thairsís, níl an calafort ann níos mó!


Tógaigí oraibh go Tairsís siar, a deir siad, bígí ag mairgneach, a mhuintir an chósta.


Soithí is ea iad ag bailiú as críocha na farraige, agus longa Thairsís ar a gceann, ag iompar do chlann mhac ó i bhfad i gcéin agus a gcuid óir agus airgid in éindí leo, ar son ainm an Tiarna do Dhia agus Neach Naofa Iosrael, os é a chuir maise ort.


Tabharfaidh mé comhartha dóibh agus cuirfidh mé cuid dár tháinig slán díobh amach chuig na náisiúin: chuig Tairsís, Pút, Lúd, Móiséic, Róis, Túbal agus Iáván, i dtreo insí na farraige i gcéin nár chuala trácht orm agus nach bhfaca mo ghlóir.


Bhí Tairsís ag trádáil leat mar gheall ar mhéid do shaibhris. Malartaíodh airgead, iarann, stán agus luaidhe ar d'earraí.


Bhí fir Dhéadán ina gceannaithe agat; bhí margaí mórán oileán faoi do réir; d'íoc siad thú le starrtha eabhair is éabainn.


Scriosfaidh mé idir theach geimhridh agus theach samhraidh, bascfar na tithe eabhair agus scartálfar mórán tithe, a deir an Tiarna.


D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí