Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 D'ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 ¶ Agus trí huáire san mblíadhuin do íodhbuir Solamh ofrála loisge agus ofrála síothchána ar a naltóir do rinne sé don TIGHEARNA, agus do loisg sé túís ar analtóir do bhí a bhfíadhnuise an TIGHEARNA. Mar sin do chríochnuigh sé an tigh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:25
14 Tagairtí Cros  

Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.


San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.


Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d'adhmad céadair.


Clann mhac Amrám: Árón agus Maois. Cuireadh Árón ar leithligh leis na nithe rónaofa a choisreacan - é féin agus a chlann mhac go brách - le túis a dhó i láthair an Tiarna, seirbhís a dhéanamh dó, agus beannacht a thabhairt ina ainm go brách.


A chlann ó, ná bígí faillítheach, óir thogh an Tiarna sibh le seasamh ina láthair, le freastal air, le seirbhís a thabhairt dó, agus le túis a ofráil dó.”


mar thréig siad mise agus rinne siad íobairt do dhéithe eile, do mo ghriogadh chun feirge i ngach beart dá ndearna siad. Uime sin tá m'fhearg le lasadh in aghaidh na háite seo, agus ní dhéanfar í a mhuchadh.


Ar an gcuma sin nuair a bhí Teampall an Tiarna go léir tógtha, bhí crích curtha le saothar Sholaimh go léir, saothar nach raibh ann ach beartas á ullmhú go dtí an lá ar leagadh cloch bhoinn Theampall an Tiarna.


Loiscfidh Árón túis chumhra uirthi gach maidin; nuair a bheidh na lampaí a gcóiriú aige is ea a loiscfidh.


Tagadh do chlann mhac uile i láthair an Tiarna Dia, Dia Iosrael, trí huaire sa bhliain.


“Tagadh do chuid fear go léir trí huaire sa bhliain i láthair an Tiarna do Dhia san áit a thoghfaidh sé: ar fhéile an tSlimaráin, ar fhéile na Seachtainí, agus ar fhéile na dTaibearnacal. Ná tagaidís folamh i láthair an Tiarna,


go dtéadh cailíní óga Iosrael gach bliain chun iníon Iaftá, an Gileádach, a chaoineadh ar an sliabh ar feadh ceithre lá sa bhliain.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí