Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 9:24 - An Bíobla Naofa 1981

24 Tar éis d'iníon Fhorainn dul ó Dhúnfort Dháiví go dtí an teach a thóg Solamh di féin, ansin a thóg sé an Mileo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 ¶ Achd táinic inghean Phárao súas as cathruigh Dháibhi dhá tigh féin noch do thóg Solamh dhi: annsin do thóg sé Millo.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 9:24
8 Tagairtí Cros  

Ach ghabh Dáiví daingean Shíón, sé sin Dúnfort Dháiví.


Chuaigh Dáiví chun cónaithe sa daingean agus thug sé Dúnfort Dháiví air. Thóg Dáiví balla timpeall air, ón Mileo isteach.


Seo mar a rinne sé an cheannairc: Bhí Solamh ag tógáil an Mhileo agus ag iamh na bearnan i nDúnfort Dháiví, a athair.


Rinne Solamh cleamhnas le Forann rí na hÉigipte; phos sé iníon Fhorainn agus thug sé leis í go Dúnfort Dháiví nó go mbeadh a theach féin agus teach an Tiarna agus an balla timpeall ar Iarúsailéim tógtha aige.


Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.


Chrom Hiziciá ar a shuíomh a dhaingniú; dheisigh sé na bearnaí sa bhalla, thóg sé túir air, agus thóg sé balla nua lasmuigh de. Dhaingnigh sé an Mileo i gcathair Dháiví. Rinne sé raidhse airm agus sciatha.


Thug Solamh iníon Fhorainn ó chathair Dháiví go dtí an teach a thóg sé di, mar dúirt sé: “Ní chuirfidh mo bheansa fúithi i dteach Dháiví, rí Iosrael, mar tá na háiteanna inar tháinig áirc an Tiarna naofa.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí