Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 6:9 - An Bíobla Naofa 1981

Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d'adhmad céadair.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Mar sin do rinne sé an tigh, agus do chríochnuigh é; agus do chuir sé ceann air an ttigh le saltachaibh agus le bórduibh cédair.

Féach an chaibidil



1 Ríthe 6:9
8 Tagairtí Cros  

Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair.


Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.


San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.


Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór.


na cuacha, na smóladáin, na babhlaí, na loingíní túise, agus na túisteáin, d'ór fíre; ceapa doirse d'ór do dhoirse an tsanctóra, an áit shárnaofa is é sin, agus do dhoirse halla an Teampaill.


D'ofráladh Solamh íobairtí uileloiscthe agus íobairtí comaoineach trí huaire sa bhliain ar an altóir a thóg sé don Tiarna, agus dhódh sé túis don Tiarna, agus choinnigh sé slacht ar an Teampall.


Ansin chuir sé fál na faiche timpeall an taibearnacail agus na haltóra, agus chroch an scáthlán mar gheata ar an bhfaiche. Chuir Maois an clabhsúr ar an saothar amhlaidh sin.


Crann céadrais díon ár dtí, adhmad píne ár dtroscán.