1 Ríthe 6 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil VI. Cumadh, 37 agus cur súas an teampuill. 1 Agus tárla annsa cheathramhadh céud agus ceithre fithchid bliadhain tar éis chloinne Israel do theachd amach as tír na Hégipte, ann sa cheathramhadh blíadhain do rioghachd Sholuimh ós cionn Israel, ann sa mí Sif, sé sin dara mí, do thionnsguin sé tigh an TIGHEARNA do chur suás. 2 Agus an tigh do rinne an rígh Solumh don TIGHEARNA, do bhí trí fithchid cubhad ar fad ann, agus fithche cubhad na leithead, agus tríochad cubhad na áirde. 3 Agus an póirse as coinne theampuill an tighe, ba fithche cubhad a fhad, do reír leithid an tighe; agus deich ccubhaid a leithiod as coinne an tighe. 4 ¶ Agus do rinne sé don tigh fuinneóga do sholus chumhaing. 5 ¶ Agus re balla an tighe gach éantáoibh do thóg sé séomradha, timchioll balladha an tighe fa gcuáirt, éidir theampall agus oracuil: agus do rinne sé séomradha fa gcuáirt: 6 An séomra íachdarach do bhí cúig cubhaid ar leithne ann, agus an séomra láir sé cubhaid ár leithne, agus an treas séomra seachd ccubhaid ar leithne: óir don táobh amuigh don toigh do rinne sé bárrdeabhtha cumhang fa gcuairt, chum nach beidís na saltacha ceangailte a mballadhuibh an tighe. 7 Agus an tigh, an tan do bhí sé dhá chur súas, do chloich do rinneadh é ar na déanamh réigh suil tugadh annsin í: iondus nach clos órd nó túagh nó ball óirnéisi ar bith íarruin annsa tigh, an fad do bhí sé dha chur súas. 8 Do bhí dorus an tséomra mhéadhónuigh ar an ttáobh ndeas don tigh: agus do theighdis súas don tséomra mhe dhónach le staidhrighibh casda, agus as an meadhónach don treas. 9 Mar sin do rinne sé an tigh, agus do chríochnuigh é; agus do chuir sé ceann air an ttigh le saltachaibh agus le bórduibh cédair. 10 Ann sin do rinne sé séomradha timchiell an tighe uile, cúig cubhaid ar áirde: agus do bhádar na luidhe anonn ar an ttigh, le hadhmad cédáir. 11 Agus tháinic focal an TIGHEARNA chum Soluimh, dhá rádh, 12 ¶ A ttaobh an tighesi atá tú cur súas, má shiubhluighionn tú am reachduibhse, agus mo bhreitheamhnuis do chur a néaifeachd, agus maitheanta uile do choimhéad ag siubhal ionta; coimhlionfa misi mfocal annsin duitse, noch do labhair mé le Dáibhi hathair: 13 Agus biaidh mé am chomhnuidhe a measg chloinne Israel, agus ní thréigfe mé mo phobal Israel. 14 ¶ Mar sin do rinne Solamh an tigh, agus do chriochnuigh é. 15 Agus do rinne se balladha an tighe a stigh do chláruibh cédair, aráon urlár an tighe, agus na balladha don taóbh a stigh: agus dfoluigh sé táobh a stigh íad lé hadhmad, agus dfoluigh sé urlár an tighe le cláruibh giumhuis. 16 Agus do rinne sé fithche cubhad ar tháobhuibh an tighe, an turlár aráon agus na balladha le cláruibh cédair: do rinne sé a stigh dhó íad, don oracuil, ansa náit ronaómtha. 17 Agus an tigh, martá, an teampall atá as a choinne, do bhí ceathrachad cubhad ar fad ann. 18 Agus do bhí cedair an tighe táobh a stigh grábhálta le cnapuidh agus lé bláthuibh oscuilte: do budh cédar uile é; ní bhfacus cloch ann. 19 ¶ Agus do ghléus sé an toracuil a stigh annsa tigh, do chur aírce chunnartha an TIGHEARNA ann. 20 Agus do bhí annsa chuid thosuigh don noracuil fithche cubhad air fad, agus fithche cubhad air leithead, agus fithche cubhad air áirde: agus dfoluigh sé é lé hór fiorghlan; agus as marsin dfoluigh sé a naltóir chedair. 21 Marsin do chuir Solamh fólach táobh a stigh don tigh dór fhíorghlan: agus do rinne sé lanntaóir ag na slabhradhuibh óir as coinne an noracuil; agus do chuir folach dór air 22 Agus dfoluigh sé an tigh uile le hór, nó gur críochnuígh sé an tigh uile: dfóluigh sé mar an gcéadna a naltóir do bhí láimh ris a noracuil le hór. 23 ¶ Agus do rinne sé dhá cherubín a stigh san oracuil do chrann ola, deich ccubhaid ar áirde ann gach áon díobh. 24 Agus do bhí cúig cubhaid a sciathán don cherubín, agus cúig cubhaid ansa sciathán oile don cherubín: ón ccuid dob fhaide amach daon sciathán go nuige an ccuid dob fhaide amach don sciathán oile do bhádar déich ccubhaid. 25 Agus do bhí deich ccubhaid annsa cherubín oile: do bhádar an dá cherubín déanmhiosúr agus déanmhéid. 26 Do bhí deich ccubhaid ar áirde ann aon cherubín, agus as marsin do bhí annsa cherubín oile. 27 Agus do shuighidh sé na cherubinigh annsa tigh do bfaide a steach: agus do shíneadar na cherubinigh a sciatháin amach, iondus gur bhean sciathan áon cherubin díobh ris an mballa, agus gur bhean sciathán an cherubin oile ris an mballa oile; agus do bheanadar na sciatháin ré chéile a meadhon an tighe. 28 Agus dfoluigh se na cherubinigh le hór. 29 Agus do bhreacuigh sé balladha an tighe uile fa gcuairt le fioghrachuibh breacuighe cherubinigh agus chrann pailme agus luibhioun oscuilte, a stigh agus a muigh. 30 Agus dfoluigh se urlár an tighe lé hór, a stigh agus amuighe. 31 ¶ Agus do dhorus an noracuil do rinne sé comhluigh do chrann ola: ba hé an cúigeadh cuid don bhalla an fárdorus agus na hursanna. 32 Do bhádar an dá dhorus mar an gcéadna do chrann ola; agus do ghearr sé orra sin breacughadh cherubinigh agus chrann pailme agus bhlatha oscuilte, agus dfoluigh sé íad le hór, agus do shrathnuigh sé ór air na cherubinibh, agus ar na crannuibh pailme. 33 Mar sin fós do rinne sé do dhorus an teampuill postadha do chrann ola, an ceathramhadh cuid don bhalla. 34 Agus do bhádar an dá dhorus do chrann giumhuis: do bhadar dhá dhuilleóig dhoruis díobh ag filleadh, agus dhá dhuilleóig dhoruis oile ag filleadh. 35 Agus do ghearr sé orra sin cherubinigh agus crainn phailme agus blátha oscuilte: agus dfoluigh sé íad lé hór cumtha leis a nobair ghéarrtha. 36 ¶ Agus do chuir sé súas an cúirt a stigh lé trí phéirsibh do chlochaibh snoighte, agus sé phéirse do shaltachaibh cédair, 37 ¶ Ann sa cheathramhadh blíadhain do suigheadh bunáit thighe an TIGHEARNA, annsa mí Sif. 38 Agus ansa naonmhadh blíadhain déug a mí Bul, (noch así an tochdmhadh mí), do chríochmugheadh é ann gach uile chuid de, agus réir gach uile chuma dhe. Marsin do bhí sé seachd mblíadhna dhá dhéanamh. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society