Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Ríthe 6:38 - An Bíobla Naofa 1981

38 San aonú bliain déag, i mí Búl, an t‑ochtú mí sé sin, críochnaíodh an Teampall go léir go cruinn díreach mar a dearadh agus a beartaíodh é. Bhí sé seacht mbliana á thógáil.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

38 Agus ansa naonmhadh blíadhain déug a mí Bul, (noch así an tochdmhadh mí), do chríochmugheadh é ann gach uile chuid de, agus réir gach uile chuma dhe. Marsin do bhí sé seachd mblíadhna dhá dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 6:38
19 Tagairtí Cros  

Sa bhliain ceithre chéad agus a hochtó tar éis do na hIosraelaigh teacht amach as an Éigipt, sa cheathrú bliain de réimeas Sholaimh ar Iosrael, i mí Zif, an dara mí is é sin, thosaigh sé ar Theampall an Tiarna a thógáil.


Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.


Sa cheathrú bliain, i mí Zif, leagadh máithreacha an Teampaill.


Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d'adhmad céadair.


Maidir lena phálás féin, bhí Solamh trí bliana déag á thógáil nó go raibh críoch curtha aige ar a rítheach go léir.


Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh an dá fhoirgneamh a thógáil, Teampall an Tiarna agus a phalás féin,


bhí sé sin go léir de réir mar a bhí scríofa ag an Tiarna faoi lena láimh féin d'fhonn go ndéanfadh sé an obair go léir dár thug sé na pleananna soiléir.


Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!


Ag deireadh an fiche bliain a thóg sé ar Sholamh Teampall an Tiarna agus a theach féin a thógáil,


Ar an gcuma sin nuair a bhí Teampall an Tiarna go léir tógtha, bhí crích curtha le saothar Sholaimh go léir, saothar nach raibh ann ach beartas á ullmhú go dtí an lá ar leagadh cloch bhoinn Theampall an Tiarna.


Sé freagra a thug siad orainn: “Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é.


Críochnaíodh ar an gcuma sin obair uile an taibearnacail agus Bhoth na Teagmhála; bhí gach ní déanta ag clann Iosrael; díreach mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois is ea a rinneadar.


Bhí an obair go léir déanta ag clann Iosrael sa tslánchruinne faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.


D'iniúch Maois an obair go léir agus ba léir dó go raibh sé go léir déanta acu mar a d'ordaigh an Tiarna. Bheannaigh Maois iad.


“Is iad lámha Zarubáibil a leag bunsraith an Teampaill seo, agus is iad a lámhasan freisin a thabharfaidh chun dea-chríche é. Agus beidh a fhios agat gurb é Tiarna na Slua a chuir chugaibh mé.


Dúirt na Giúdaigh á fhreagairt: “Sé bliana agus daichead atá an Teampall seo á thógáil, agus an dtógfaidh tusa é i dtrí lá?”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí