Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.
1 Ríthe 22:19 - An Bíobla Naofa 1981 Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision, Eistse ar a nadhbharsin bríathar an TIGHEARNA: do chonnairc mé an TIGHEARNA na shuidhe iona chathaoir, agus slóigh fhlaitheamhnuis uile na seasamh na fhochair ar a laimh dheis agus air a láimh chlé: |
Dúirt an Tiarna: ‘Cé mheallfaidh Acháb chun fód a bháis ag Rámot Gileád?’ Dúirt cuid díobh seo agus a thuilleadh siúd.
Tharla aon lá amháin, gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna, agus tháinig an Sátan mar an gcéanna ina measc.
Agus tharla lá eile gur tháinig clann Dé i láthair an Tiarna agus tháinig an Sátan ina láthair mar an gcéanna ina measc.
Éistigí, a phobal liom, tabharfaidh mé comhairle daoibh; monuar nach n‑éisteann tú liom, a Iosrael!
agus chonaiceadar Dia Iosrael, agus faoina chosa bhí mar a bheadh páváil saifíre, agus í mar neamh féin ar ghile.
Ansin ghabh Maois suas, agus Árón agus Nádáb agus Aibíchiú agus deichniúr agus trí fichid de sheanóirí Iosrael,
Éistigí le briathar an Tiarna, a thaoisigh Shodom; tugaigí cluas do reacht ár nDé, a phobal Ghomorá!
Éistigí le briathar an Tiarna, a lucht na hábhachta, atá ag rialú an phobail seo in Iarúsailéim!
Éistigí le briathar an Tiarna, a theach Iacóib, agus sibhse, a mhuintir uile theach Iosrael.
Ach, a dheoraithe uile a chuir mé ó Iarúsailéim don Bhablóin, éistigí briathra an Tiarna:
Más mar sin é, éistigí le briathar an Tiarna Dia, sibhse a fhuíoll Iúdá. Is mar seo a deir Tiarna na Slua, Dia Iosrael:
“A mhic an duine, tairngir i gcoinne fháithe Iosrael, tairngir agus abair leosan a thairngríonn as a stuaim féin: ‘Éistigí le briathar an Tiarna.’
Mar sin éist le briathar an Tiarna: Deir tusa: “Ná tairngir i n‑aghaidh Iosrael, ná bí ag seanmóireacht in aghaidh theach Íosác.”
Ansin chuir an fear a bhí ina sheasamh i measc na gcrann miortail isteach ar an gcomhrá agus dúirt: ‘Is iad seo an dream a chuir an Tiarna amach uaidh chun dul anonn agus anall tríd an domhan.’
agus chan sé a laoi, agus dúirt: “Céalmhaine Bhalám mac Bheór, céalmhaine an té ar gruama é a radharc,
“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.
“Nuair a thiocfaidh Mac an Duine ina ghlóir agus na haingil uile in éineacht leis, rachaidh sé ina shuí an uair sin i ríchathaoir a ghlóire.
Nach spioraid fhriothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Deir sé i dtaobh na n‑aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.”
Ina ionad sin, tá sibh tagtha go dtí Sliabh Shíón agus cathair Dé bheo, go dtí an Iarúsailéim neamhaí mar a bhfuil na mílte aingeal bailithe le chéile go háthasach,
Ansin san fhís dom, chuala mé glór iliomad aingeal timpeall na ríchathaoireach agus na ndúl beo, agus na seanóirí, agus ba é a líon deich míle faoi dheich míle agus na mílte ar mhílte.