Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




1 Samúéil 16:14 - An Bíobla Naofa 1981

14 Thréig spiorad an Tiarna Sól agus bhuair drochspiorad ón Tiarna é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 ¶ Ach do chúaidh spiorad an TIGHEARNA ó Shaul, agus do bhuáidhir droichspiorad ón TTIGHEARNA é.

Féach an chaibidil Cóip




1 Samúéil 16:14
17 Tagairtí Cros  

Ach ní tharraingeoidh mé mo ghnaoi uaidh, mar a rinne mé le Sól an té a chuir mé as romhat.


Lean Míocáia air: “Éist más ea le briathar an Tiarna. Chonaic mé an Tiarna ina shuí ina ríchathaoir; bhí slua neimhe go léir ina seasamh ina láthair ar a dheis agus ar a chlé.


‘Imeoidh mé agus beidh mé i mo spiorad éithigh i mbéal a fháithe go léir.’ ‘Meallfaidh tú é,’ arsa an Tiarna, ‘rithfidh leat. Téigh agus déan é.’


Iompaigh do ghnúis ó mo pheacaí agus cealaigh mo chionta go léir.


Go fiú má éiríonn leo a gclann a thógáil, bainfidh mise díobh iad roimh dóibh teacht in inmhe fir. Mairg dóibh go deimhin má thréigimse iad!


Liúigh sí: “Tá na Filistínigh chugat, a Shamsón.” Dhúisigh sé as a chodladh á cheapadh: “Brisfidh mé amach faoi mar a rinne mé cheana, agus tiocfaidh mé saor ó mo chuibhreacha.” Ní raibh a fhios aige go raibh sé tréigthe ag an Tiarna.


Rug Samsón ansin ar an dá cholún láir ar a raibh an teach ag brath, agus chuir a mheáchan go léir ina gcoinne, a dheasóg i gcoinne cinn acu agus a chiotóg i gcoinne an chinn eile.


Ansin sheol Dia drochspiorad aighnis idir Aibímeilic agus ceannairí Sheicim, agus rinne ceannairí Sheicim ceannairc in aghaidh Aibímeilic.


Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air.


Dúirt a ghiollaí le Sól: “Sin drochspiorad ón Tiarna do do bhuaireamh.


Tugadh an tiarna seo againn ordú do na giollaí atá ag freastal ort duine oilte ar an gcruit a lorg; nuair a bheidh an drochspiorad ón Tiarna do do chiapadh, seinnfidh sé an chruit duit agus tiocfaidh biseach ort.”


Aon uair a thagadh an drochspiorad ó Dhia ar Shól, bheireadh Dáiví ar a chruit ina láimh; agus sheinneadh; ansin théadh Sól chun suaimhnis, thagadh biseach air, agus d'imíodh an drochspiorad uaidh.


Lá arna mhárach ghabh drochspiorad ó Dhia greim de ruathar ar Shól, agus bhuail taom buile é ina theach, agus Dáiví ag seinm na cruite mar ba ghnáth leis gach lá. Bhí a shleá ina láimh ag Sól


Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól.


Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí