Ach d'fhreagair sé: “Ní rachaidh mo mhac síos libh, mar tá a dheartháir marbh agus níl ach eisean amháin fágtha. Dá mbainfeadh aon tubaiste dó ar an aistear atá beartaithe agaibh, sheolfadh sibh síos go Seól mé agus mo cheann liath faoi ualach bróin.”
Cé gur ungadh i mo rí mé, táim fann lag faoi láthair; tá na fir úd, clann mhac Zarúá, róbhorb dom. Go gcúití an Tiarna an t‑olc le fear a dhéanta de réir a dhrochbhirt!”
Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.
Ach ná scaoilse leis gan phionós; mar is duine ciallmhar thusa agus beidh a fhios agat conas plé leis agus a cheann liath a chur síos go Seol faoi dhoirteadh fola.”
déanaim duit ar an toirt mar a d'iarr tú. Bronnaim ort croí ciallmhar tuisceanach, i dtreo nach raibh do leithéid riamh romhat agus nach mbeidh do leithéid i do dhiaidh.
Dá bhrí sin déanfaidh mé thú a chruinniú chun do shinsear, agus déanfar do chnámha a bhreith faoi shuaimhneas chun na huaighe. Ní fheicfidh tú le do shúile cinn na tubaistí go léir atá ar aigne agam a thabhairt ar an áit seo.’ ” Thugadar an freagra sin leo ar ais go dtí an rí.
Is ea, de bharr na hurchóide tógtar an fíréan ar shiúl ach isteach sa tsíocháin a théann sé. Tá siad ag ligean a scíthe ar a leaba dheireanach, iad siúd a shiúil bealach na córa.
Ní bheidh níos mó ann naíonán nach maireann ach beagán laethanta ná seanduine nach dtugann a sheal. An té a mhaireann céad bliain, ní bheidh ann ach ógánach; agus an té nach maireann an céad, beidh sé amuigh air gur faoi chrann smola a bhí sé.
Ná truailligí an talamh ina gcónaíonn sibh. Truaillíonn fuil an talamh agus níl leorghníomh ann don talamh ar son na fola a dhoirtear ann ach fuil an té a dhoirt é.