Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.
1 Ríthe 16:18 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus tárla, a núair do chonnaire Simri gur ghabhadh an chathair, go ndeachaidh sé go pálás thighe an rígh, agus do chuir sé tigh an rígh tre theine ós a chionn, agus déug sé, |
Nuair a chonaic Aichítifeil nár leanadh a chomhairle, chuir sé an diallait ar a asal agus d'imigh leis abhaile dá chathair féin. Ansin chuir sé cúraimí a thí in ord agus chroch sé é féin agus fuair sé bás. Adhlacadh é i dtuama a athar.
Scoir Omraí, agus Iosrael go léir mar aon leis, den léigear ar Ghibeatón, agus chuireadar léigear ar Thirzeá.
Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.
Ag teacht an geata isteach do Iéahú dúirt sí: “An síocháin do ghnó, a Zimrí, a fhir mharaithe do mháistir?”
Ach rad sé uaidh na píosaí airgid isteach sa sanctóir agus d'fhág an áit, d'imigh sé leis agus chroch é féin.
Ghlaoigh sé ar an toirt ar a ghiolla airm agus dúirt leis: “Tarraing do chlaíomh gan mhoill agus cuir chun báis mé, d'fhonn nach ndéarfaí fúm: ‘Mharaigh bean é!”’ Rop a ghiolla claíomh tríd dá bhrí sin agus fuair sé bás.