Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




1 Ríthe 16:19 - An Bíobla Naofa 1981

19 de bharr na bpeacaí a rinne sé ag déanamh an oilc i láthair an Tiarna, ag déanamh aithris ar Iarobám, agus an pheaca inar threoraigh sé Iosrael.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

19 Ar son a pheacuidh do pheacuidh sé a ndeanamh uilc a radharc an TIGHEARNA, ag siubhal a slighe Ieroboam, agus iona pheacadh do rinne sé, da thabhairt ar Israel peacadh dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip




1 Ríthe 16:19
10 Tagairtí Cros  

Rinne an rí a mhachnamh air seo dá réir sin, agus ansin rinne sé dhá lao óir. Dúirt sé leis an bpobal: “Tá sibh fada go leor ag dul suas go Iarúsailéim; seo agaibh bhur ndéithe, a Iosrael; is iad seo a thug aníos sibh as tír na hÉigipte.”


Tabharfaidh sé cúl le hIosrael de bharr na bpeacaí lenar pheacaigh Iarobám agus a thug sé ar Iosrael a dhéanamh.”


Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna, agus lean sé drochshampla a athar agus rinne aithris ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.


de bharr peacaí Iarobám agus na bpeacaí inar threoraigh sé Iosrael chun peacú agus de bhrí gur ghriog sé an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge.


Rinne sé an t‑olc i láthair an Tiarna agus rinne sé aithris ar Iarobám agus ar an bpeaca inar threoraigh sé Iosrael chun peacú.


de bharr peacaí Bháiseá go léir, agus peacaí Éalá, a mhac, a pheacaíodar, agus na bpeacaí inar threoraigh siad Iosrael, agus iad ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.


Rinne sé aithris chruinn ar Iarobám mac Nabát agus ar na peacaí inar threoraigh sé Iosrael, ag griogadh an Tiarna, Dia Iosrael, chun feirge lena n‑íola baotha.


Ina theannta sin, trí bhéal an fháidh Iéahú mac Hanáiní, fógraíodh briathar an Tiarna in aghaidh Bháiseá agus a theaghlach sa chéad áit de bharr a ndearna sé d'olc i láthair an Tiarna, á ghriogadh chun feirge lena ghníomhartha, agus ag teacht ar aon dul le teaghlach Iarobám; agus sa dara háit de bhrí gur scrios sé an teaghlach sin.


Tá na ciníocha slogtha síos sa chlais a rinneadar féin: sa líon a d'fholaigh siad féin a gabhadh a gcosa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí