Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Ríthe 15:25 - An Bíobla Naofa 1981

25 Rinne Peacach mac Ramailiá, a cheann feadhna, comhcheilg ina aghaidh agus threascair é sa tSamáir, i ndúnfort an pháláis (Argob agus Airié). Bhí leathchéad d'fhir Ghileád lena chois; mharaigh sé an rí agus tháinig i gcomharbacht air.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

25 Acht do rinne Pecah mac Remaliah, caiptín dá mhuinntir feín, feall air, agus do bhúail é a Samária, a bpálás thighe an rígh, maille re Hargob agus Arieh, agus maille re caogad fear do na Gileaditeachaibh: agus do mharbh sé é, agus do ríoghaidh iona ait.

Féach an chaibidil Cóip




2 Ríthe 15:25
10 Tagairtí Cros  

Nuair a chonaic Zimrí go raibh an chathair gafa chuaigh sé isteach i ndún phálás an rí, chuir an pálás trí thine sa mhullach air féin agus fuair bás,


Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,


Rinne Sealúm mac Iáibéis comhcheilg ina aghaidh agus chuir chun báis é ag Ibleám, agus thanig i gcoróin ina dhiaidh.


Rinne sé an t‑olc i bhfianaise an Tiarna; níor scoir sé de na peacaí inar threoraigh Iarobám mac Nabát Iosrael.


An chuid eile de stair Phacaichiá, a imeachtaí go léir, tá sin go léir scríofa i Leabhar Annála Ríthe Iosrael.


Sa dara bliain caogad de réimeas Azairiá rí Iúdá tháinig Peacach mac Ramailiá i gcoróin ar Iosrael sa tSamáir; agus bhí sé fiche bliain i réim.


Rinne Iéahú mac Iahóiseáfát mac Nimsí comhcheilg in aghaidh Iórám. (Bhí Iórám agus Iosrael go léir um an dtaca sin ag cosaint Rámot Gileád in aghaidh Hazáéil rí Arám;


agus nuair a shroich sé, fuair sé oifigigh shinsearacha an airm ina suí le chéile. “Tá teachtaireacht agam duit, a thaoisigh,” ar sé. “Do cé acu againn go léir?” arsa Iéahú. “Duitse, a thaoisigh,” d'fhreagair sé.


Mharaigh Peacach mac Ramailiá céad agus a fiche míle fear, curaidh chalma iad uile, san aon lá amháin in Iúdá; toisc gur thréig siad an Tiarna, Dia a sinsear, a tharla sin dóibh.


Agus tharla in aimsir Áchaz, mac Iótám, mac Uiziá, rí Iúdá, go ndeachaigh Reizín, rí Arám, mar aon le Peacach, mac Ramailiá rí Iosrael, suas go Iarúsailéim lena hionsaí, ach níor éirigh leis a gabháil.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí