Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.
1 Ríthe 13:4 - An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala an rí conas mar a ghlaoigh an giolla Dé in aghaidh na haltóra i mBéitéil, shín seisean, Iarobám, a lámh ón altóir amach, á rá: “Gabhaigí é.” Ach an lámh a shín sé amach in aghaidh an duine, shearg sí, agus níor fhéad sé í a tharraingt ar ais. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus tárla, a nuáir do chúala an righ Ieroboam glór óglaich Dé, noch do ghair a naghaidh na haltóra a Mbétel, gur chuir sé a lámh amach ó naltóir, dha rádh, Beirigh air. Agus an lámh, do chuir sé amach na aghaidh, do thiormuigh sí súas, iondus nar fhéud sé a tabhairt chuige ar a hais a rís. |
Agus an mhuintir a bhí ag an doras, bhaineadar radharc na súl díobh go léir idir óg agus aosta i dtreo gur theip orthu an doras a aimsiú.
Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
Agus phléasc an altóir agus scaipeadh an luaithreach ón altóir, de réir an chomhartha a thug an giolla Dé ar ordú an Tiarna.
agus abraigí: ‘Seo iad orduithe an rí: Cuirigí an duine seo i bpriosún agus ná tugaigí mar chothú dó ach an beagán aráin agus uisce go bhfille mé ar ais slán folláin.’ ”
Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
Agus déarfaidh an rí á bhfreagairt: ‘Deirim libh go fírinneach, sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.’
An dream a bhí tar éis Íosa a ghabháil, sheol siad leo é go teach Cháiafas, an t‑ardsagart, agus is ann a bhí na scríobhaithe agus na seanóirí cruinnithe le chéile.
Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.
Amen, Amen, a deirim libh, an té a ghlacann aon duine a chuirfidh mise uaim, is mise a ghlacann sé; agus an té a ghlacann mise, glacann sé an té a chuir uaidh mé.”
Nuair a dúirt Íosa leo: “Is mise é,” tharraing siad siar agus thit siad ar an talamh.
Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.