Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus más mian le haon duine a ndochar a dhéanamh, tagann tine as a mbéal go slogann sí a naimhde; sin an oidhe atá i ndán don té ar mhian leis a ndochar a dhéanamh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Aoinneach gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, tagann teine amach as a mbéal, agus slugann sí a náimhde: agus duine ar bith gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, is ar an gcuma sin marbhóchar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, tig teine amach as a mbéul, agus sluigidh sí a naimhde: agus cía bé lér mían dochar do dhéunamh dhóibh, as amhluidh so ás éigean a mharbhadh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Agus más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, tagann tine as a mbéal agus slogann a naimhde. Más áil le haon duine dochar a dhéanamh dóibh, más ea, is mar sin nach foláir é a mharú.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 11:5
13 Tagairtí Cros  

Chrith an talamh agus suaitheadh é agus corraíodh fothaí na sléibhte toisc go raibh sé ar lasadh le barr feirge.


Ach déanann sé cóir agus ceart do na dealbha agus tugann breithiúnas cothrom i leith dearóile na tíre. Bata is ea a bhriathar a bhuaileann an t‑anduine, agus gaoth an fhocail uaidh, maraíonn sé an t‑urchóideach.


a réabadh aníos agus a leagan síos, a mhilleadh agus a scriosadh, a thógáil agus a phlandú.”


Ar an ábhar sin - a deir an Tiarna, Dia na Slua - Is mar seo a dhéanfar leo as ucht é sin a rá: déanfaidh mise m'fhocail ina thine ar do bhéal, agus an pobal seo ina bhrosna, le go loscfaidh an tine iad.


Bhí an fhís seo a chonaic mé ar aon dul leis an bhfís a chonaic mé nuair a tháinig sé ag scriosadh na cathrach, agus leis an bhfís a chonaic mé ag bruach na habhann Ceabár. Shléacht mé go talamh.


Dá dheasca sin bím á scláradh trí bhíthin na bhfáithe agus á marú le briathra mo bhéil. Sa tslí seo foilsítear ceart mo bhréithe mar splanc solais.


Ach na rabhaidh agus na reachtanna ar chuir mé a gcúram ar mo sheirbhísigh, na fáithe, nár cuireadh i gcrích ar bhur n‑aithreacha iad? Dá thoradh sin rinne siad aithrí agus dúirt siad: Thug Tiarna na Slua íde orainn de dheasca ár mbealaí agus ár ngníomhartha faoi mar a bhí beartaithe aige a dhéanamh.’ ”


agus dúirt sé leis: “Rith leat agus abair leis an ógánach sin go gcaithfear Iarúsailéim a fhágáil gan bhallaí mar gheall ar oll-líon na ndaoine agus na mbeithíoch a bheidh inti.


Agus déanann sé comharthaí móra, á chur faoi deara fiú amháin do thine tuirlingt ar talamh ó neamh os comhair daoine.


Agus is mar seo a chonaic mé na heacha i m'fhís: bhí lúireacha lasracha ar dhath na hiasainte agus na ruibhe ar na marcaigh; bhí cinn na n‑each mar chinn leon agus bhí tine agus deatach agus ruibh ag sileadh óna mbéala.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí