Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.
1 Ríthe 1:42 - An Bíobla Naofa 1981 Fad a bhí sé ag caint tháinig Iónátán mac Aibíátár an sagart ar an láthair. “Tar isteach,” arsa Adoiníá, “is duine ionraic thú agus tá dea-scéala leat, ní foláir.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an fad do bhí gha rádh sin, féuch, tháinic Ionatan mac Abiathair an sagart: agus a dubhairt Adoniiah ris, Tárr a steach; óir is duine cródha thú, agus atáid sceula maithe leachd. |
Dúirt an rí le Zádóc an sagart: “Féach, fillse agus Aibíátár ar ais faoi shíocháin chun na cathrach leis an mbeirt mhac agaibh, Aichímeáz do mhac féin agus Iónátán mac Aibíátár.
Agus féach, tá a mbeirt mhac, Aichímeáz mac Zádóc, agus Iónátán mac Aibíátár, in éineacht leo; seolfaidh sibh gach scéala a gheobhaidh sibh chugamsa lena gcabhairsean.”
Bhí Iónátán agus Aichímeáz ag feitheamh ag Tobar an Úcaire; bhí banseirbhíseach le dul chucu agus rabhadh a thabhairt dóibh, agus bhí siadsan le rabhadh a thabhairt don rí Dáiví mar ní ligfeadh an eagla dóibh go bhfeicfí ag dul isteach sa chathair iad.
“Is dóigh liom go ritheann an chéad fhear mar a ritheann Aichímeáz mac Zádóc,” arsan fear faire. “Fear maith eisean,” arsan rí, “agus tá dea-scéala leis.”
Chuala Adoiníá agus na haíonna a bhí in éineacht leis an gheoin agus iad ag deireadh a mbéile. Nuair a chuala Ióáb glór an stoic dúirt sé: “Cén gheoin chorraíola í seo sa chathair?
Ansin dúirt rí Iosrael le Iahóiseáfát: “Ná dúirt mé leat nach maith a thairngríonn sé dom riamh ach olc?”
Nuair a chonaic Iórám Iéahú d'fhiafraigh sé de: “An síocháin bhur ngnó, a Iéahú?” D'fhreagair sé: “Cén tsíocháin a d'fhéadfadh a bheith i gceist agus a bhfuil de striapachas agus phisreoga gan áireamh ar siúl ag do mháthair Ízeibil.”